[DA 1] FAOSID EOIN SEVART TIGHEARN na HAPPEN ina meadardhachd. 1. ME a faoside mo lochd. A Rí neimh le dúracht, Agas le toileach teann om chroidhe. A Rí a nám na haithridhe. 2. Peaccach meise o m’aois óige. Eist ré m’faosid a Thrinoid. As lionmhar re n’áireamh iad. A Rí as nár a romhed. 3. Robheg m’ulaigh don chóir. Fer bunaigh mee sa négcóir. Rinnis gach ní nar dhligheas. Tu Rí neamhdha dfurtaigheas. 4. Toile na colla nir chiall damh. Nir choigleas riamh do dheunamh. A riar fein lê do légeas. Srian ri riamh nir dhaingnigheas. 5. Chathrigheas sáinte fréimh gach vilc. Do chaithes m’aimsir re tuais cirt. Drúis, agus cráos do thoghas, Dà chúis re m’aóis do ghnathigheas. 6. Thrégeas haitheanta vile. Thrégeas thordugh, agus t’úrrnuigh. Thrégeas deirbhlean díleas Dé. Seirbhise neamhumhal do chleacht mé. 7. Ni bfuil feithm bheth ga n’tuiribh. As trén mé a bpeaccaidhibh. Giodheadh do reir Rí neamhdha. As tréine céam do thrócair. 8. Tangas dar ndión ar dtalmhain A Mhic Rí neimh, agas naomh thalmhain. [DA 2] Dar saoradh le fuil do chneas, San cholann daonna do chuaigheas. 9. Tfuil do thóirteadh ar an gcránn. Do dheonaigh thu dar dídionn. A sí an fhuil sin is dión dúinn, A Rí fuair dhúinn thathairsa. 10. Ni cubhvidh a Rí dhuibhse, Don’fhuil vasuil, oirdheirc sin, Aón bhraón anaisge do dhul, Ar son peaccadh shiól Adhuibh. 11. As meise an peaccach aithreach, As tusa an t’athair trócaireach. Ar ghrádh Mhic Dé mar do gheallas, Slánaigh mé gan dioghaltus. 12. An meud ata romham anois, Dom ré a reir a n’eolais, Caitheam ma teagal, agus adghrádh, Agas adchreidimh crábhdha comhghlan. 13. Gurab é aoibhneas neamh, fadheoidh, Bheth maille re do naomhaibh a Thrínoid, Gan leagadh séoil sa tslighidhe, Go ród Rí, agus ro mé, M. E. Anadhaigh vaille an chuirp, & uabhair an tsaoghail do sgriobh Arne Mckéuín, mar so sios. 1. AS mairg do ní uaille as óige. As jasachd deilbh a deirc ghlais. A cruth seimh as suidh aoibhind. A ciabh bhuidh chaoimhinn chais. 2. Da ndiobhradh Diá dhuit a dhuine. [DA 3] Daoine meallta mhealladh siad. Deúd mar an gcuip, agus taobh taisliom. Duit fa raon is aislind jad. 3. Duille don bheatha do bhládha bréig. Baoghal an chuirp cur ren jóc. Na déun uaille fa cheand na cruinde. Gearr go buain adhuille dhiot. 4. Da bfuithigh fos, ni fa diomuis. Duille don bheatha nach buan seal. Cuimhnigh re do ré dál an duine. Gurab é námhtha anuile fher. 5. Cuimhnigh ar chnuasach na gráinoig Guais do thionoil bheith mar bhíd. Ni bfuil ach pian and do tanmuin Na jarr bárr don talmhuin tríd. 6. Vbhall ar gach bior da mbioraibh. Beiridhe dhon taobh de déid siad. Ar udul don chóill fhádbhuig fhérchruind. Fagfuith fa bhroind én phuill jad. 7. Bfuicfnithear leat los an tsaoghail. Mar so a chuirp ag cosg do mhian. Fa bheul na huaigh san tanam Sgeul as truagh a choland chriath. 8. Gach fuarus d’ór, agus diondmhus. Deachaigh do bhuaibh giod bhirt chlé. Ni leugfuithear leat diobh a dhuine. Achd brot líne don chruinde Cé. 9. Ainbfios an chuirp cuid da uabhar. Eagal d’uinn adhul os aird. Daor da sior mheas uaille na hoige. Buán da aoibhneas móid as mairg. AS MAIRG. [DA 4] AN PHAIDEAR AME- adardhacht dhána. 1. AR Nathairne atá ar neamh O sè mo ghean bheith gudghairm Ag sin mo bheatha is mo bhrígh, Go madh beandaighthe a Rí hainm. 2. Inte atá sonas is síth, Gan donas gan díth go bráh Go dtí do Ríghe is do reacht, Go sgaoile do cheart ar chách. 3. Do thoil goma dénta dhúinné Adtalmhuin gach dúil dar dhealbh, Mar do níd aingil gan chré, Thuas a bflaithes Dé go dearbh. 4. Beatha na hanma sa chuirp, O tharrla dhuit bheith rer mbáidh, Ar naran laoithamhuil gach laói, Tabhair dhúinn gan dlaói gan dáil. 5. Na fiachasa dhlighir dhínn, Maith dhúinn gan a ndíol do ghnáth Maith dhúinn ar peachaidh go léir, Amhail mhaithmaoid féin do chách. 6. O thrén ar namhad a Rí, Dén coimheud is din dod tsliocht, Bí anadhaigh ambuaidhridh línd, Is na lég sind ar aniocht. 7. Edir anam, agas chorp, Saor sind ó olc gach lá Rígh, agas onóir, agus neart, Ar gach líne ós leat atá. ¶ Ar Nathairne, &c. [DA 5] NA DECH AITHEANTA. 1. CReid díreach do Dhia na n’dúl. 2. Agus cuir ar chúl vmhaladh do dhealbh. 3. Na tabhair ainm Rígh na rioghadh, Ma gébhthar dhiot sa ghniomh geall. 4. Domhnach Rí neimh na néul, Deun led chroidhe choimheud sior. 5. Do Mhathar & Tathar gach uair, Fa onoir uaide biod a raon. 6. Marbhadh & meirle na taobh. 7. Adhaltrus na aom adghar. 8. Na tòg fiadhnaise, ach go fior, Se sin an ród far aon glan. 9. Na deun saint ar mhór no’r bheg. 10. Freamh gach uilc ad chôir no leg, Sin dech aitheanta dhe dhuit, Tuig jad go cóir & creid. CREID. GEARAN AR TRVAILLIGH- theachd na colla. 1. MAirg dara companach an cholann, Commann fallsa, ni fuath lé. Guais tháll na gcionta bhi amchomhair, Tiocfuith an tám bus vathan é. 2. Gach grádh riamh d’ar admhas dise, Nir dhiól vrrtha ar fhuath na bpian; Do thíll mo ghrádh na fhuath oram, Lán dar fuath an cholann chriath, 3. Fuath ananma is ansacht na colla, Commann fallsa mairg do ní; Me da dtoile congbhuigh an colann, [DA 6] Foghluidh mar sin oram í. 4. Ni ndíol ceíthem an cholann mheabhlach Giodh mór an toile tugas dí; Minic nar buán críoch a commainn, Nir frioth acht fuar vmainn í. 5. Lór dom theagasg ó taim aimhghlic, Re huchd an bhais giodh breith chruaith, Na hvilc gon teinidhe gon teaghidh, S’na cuirp ele dfeuchain vainn. 6. Re huchd an bháis as beirt chúntir, An claochlodh truath a tig da ghné; An corp re athadh na huaire, Is olc a n’achuince váill é. 7. Na suilibh a naimsir a n’éuga, Si adhbhar béuga mar bhias iad, Gar bheg dhuínn on rígh mar rabhadh, Do chitham cúl ar adhaidh iad. 8. Do chitham na béil deargtha duthadh, Isan déug chailc na cnámtha gorma; Mo thoile ni bfuitheam o n’uathmar, S’nach cuireadh sin vathan oram. 9. Ma mhian fein, & aimhleas manma, Eagal duínne dhul os aírd; Fuair an cholann cuid na dese, Ro mháll do thuig misi mairg. DEVTERONOMIE. Chap. 6 verse. 6. 7. Biodh na briathribh sin d’aithnimse dhuit a niugh, ina do chroidhe. Agus aithris iad dhod chloinn go díchallach; agas labhair vrrtha, ag suith ad’thigh fén duit, agas ag imtheacht sa tsl ghidh dhuit, agas an tan laoigheas tu, & do eirigheas tu. [TD 1] ADTIMCHIOL AN CHREIDIMH COMHAGHALLVIDHEDAR AN MAIGHISER, AGAS AN FOGHLVINTE: AGHON, Minisder an Tsoisgeil, agas an Leanamh. DOMHNACH. 1. 1. CREVD IS crioch aride no phriondsipalta do bheathaidh an duine? Atà na daoine féin abheith eolach ar andia sin ler chruthuigheadh iad. 2. Créd an tadbhar fa nâbrann tu so? Ar an adbhur gur chruthaidh DIA fánadhbhursin, & gur shuithidh san saoghalsa sind do chum go glórfluighthe ionnainn é, & go demhin is maith an resún, sinne, do chaithamh ar n’uile bheathadh, (neoch d’an tossach é féin) do chum ahglóiresin. [TD 2] 3. Achd créd is árd mhaith no is sonnas do n’duine? Ata sin fein. 4. Créd é an t’adhbhur fa saoilinn tú gurab é sin an maith is mo? Bhrigh gurab neamh shona go mór ar staidne ina fheagmhuis sin, ina staid na nainmhidhidh brúdeamhla neamerésunta. 5. Vime sin is follas go lór as sin nach bhféd én nj tégmhail don duine is mo is nemh shonna no gan dteachd adtír go taiteannach le DIA? Is mur sin ata. 6. Achd créd is fior eolas Dé go ceart and? Ata mur a n’aithnighthar é amhluidh as go dtiubhthrar a onoir dhlestannach fén dó. 7. Achd créd é is modh onorvighthe go hiomchubhaidh dho? Ma chuirthear ar nuile mhuinighine andson, ma ni sinn dhicheal and a serbhis thabhairt dó inabhur nuile bheathaidh ag geilludhadh dha thoil sin: ma ghaórmimnj air comhthric, agus theandas én riochtannas sind ag iarruidhe slainte andsin, agus gach én mhaith ar bhféd ar mian bheith: fadheoidh ma aithnighim, ma aidmhighim le croidhe, agus le beul eision ina aonar mur aon vghdar an’uile mhaithís. DOMHNACH. 2. 8. Achd do chum résunaigh, agus iomfhosglaide na neithesa ni bhus saibhir créd is cédcheand insa randadareochtsa do rindis? Ata sind do chur air n’uilé mhuinighinn, & dhóchas in ndhia. [TD 3] 9. Agas créd é an modh ar an bhfed sin bheit amhluidh? Féduidh mur naithnighim, & mur dtuigim eision abheith vile chumhachtach, & maidh go foirfe. 10. Ané nac lór so? Ni headh. 11. Créd é an tadhbhar? Ata thrid nach fiúth sinde eision do nochtadh achumhacht inar gcuidiughadh, ina méd a mhaithis fhoilsiughadh inar slanughadh. 12. Fan’adhbhar sin Créd a rigmaoid aleas abharr ar soin? Rigmaoid, umuro, gach aon againd a shiuthughadh ina intinde fèin gur ghradhuigh seision é, & gurab dtoil leis bheith ina athair dó, &, na ughdar slainte. 13. Cia náite as biond sin follus dûinn? As fhocalsin, umuro, mur a nochtand sé athrócair fén duinn agcriosd, & mur a bhfuil se dénamh fiaghnuise ar aghrádh fein d’ar draobh. 14. Vime sin is é fundameint, agus tossach na muinigin is jonchurtha jn n’Dia é féjn aithniughadh? Is é go demhin. 15. Anois budh mhian leam suím an’eolais so a chloisdin vait? Ata shuím ar na comhchondmajl jn’admhajl an chreidimh no ann’a foírm na h’admhail ata aig na huile chriosduidhibh chomhchoitchiond etorra fén: gaoridhe daoine go coitchionna dhi Symbol no caismeart na n’Apstal, neoch aghabhadh o thos- [TD 4] ssach na heaglajsi aghnáth measg na n’uile dhaoine diagha, & neoch aghabhadh o bhéul na n’Apstal no cojmhthionoladh go firrinneach as an scriobhadhson. 16. Aithris damh é? CReidim a n’Día Athair na nuile chumhachd, chruithaighthéoir nejmhe & talmhan. Agus a Níosa Criosd a éunmhacsan ar Dteghearnaine: noch do gabhadh ón Spiorad náomh, rugadh lé Mujre oigh, do fhulajng an fpháis fa Fpuinge Fphioláid, do crochadh, do céusadh, fúair bas & do hadhlaictheadh, do chuaídh sios go hifreand, do éirghidh ó bhás a gciond an treas lá, do chuáidh súas ar neamh, & atá anòis na shuidhe ar deis Dé Athair na nuile chumhachd: As sin thiocfas do bhreith breith ar bhéoghaibh, agus ar mharbhaibh. Creidim and sa Spiorad náomh, a Neaglais nàomhtha chomhchoitchionn, cumand na náomh, maitheamh na bpeacthadh, eiséirghe chodla na marbh, & an bheatha mharthanach, Amen. 17. Do cum gu dhtuigfuighthe gach én chuid go huilidhe ca-med do chotdannâibh anna roindeamar a n’aidmhailsa? Agceathra chotannujbh aride no phriondsapalt. 18. Aithris damh iád? DOM. 3. Beanaidh an chéd chuid re Dia a Thair. Trachdaidh an dara cuid adtiomchioll a mhic josa Criosd neoch fós a chondmhas uile shuim saoruidh an chinnjdh dhaónna. An treas cuid adtiomchiollan Spioraid naómhtha. An ceathraimh cuid adthimchioll na h’eaglais, & tioghluiceadh DE ar no dórtadh urtha. [TD 5] 19. An mhed nach fhuil and acht aon Dia, créud fa gcomhiomh raigheand tu dhamh and so an tathair, an mac, & an spiorad naoimh? Ar son gurab jon amhairc dhúinn an’én substaint no anáduir na dhjadhachta; an t’athair amhail tús & tosach, no amhail ced adhbhajr na nuile ní: jna dhjajdh sin an mac aghljocas siorujdheson, fádheoidh an spiorad naomh, amhajl anert, & abhridhson ata ar na dhórtadh & ar na chraobhscaoileadh as an’uile ní, gidheadh ata ag comhnaidh & ag anmhuin and fén do ghnáth. 20. Ata tu ag ciallughadh & ag foillsiughadh as sin gan égcnibheas ar bioth do bheit adtri persannaib edirdhaluighthe dobheth san naon diaghacht, gidheadh gan Dia do bheth rointe uime sin? Ata se mur sin féin. 21. Aithris a’nois an céd chuid? Credim and an-dia Athair na nuile chumhacht cruthaightheoir nimhe & talmhan. 22. Créd fa ngoireand tu Athair dhe? Goirim sin De, ar tús ag amharc ar iosa Criosd, neoch fós is è aghlioceason, neoch do choimhpreadh úaidhe roimh gach tús uile aimsir, & ar mbheth ar na fhaoigheadh ar an domhansa dhó do fhoillsigheadh gurab é a mhacson: gidheadh cruindeochaidh sind as so, ó sé Diá Atair Iosa Criosd, go bfuil se ina Athair dhuinne maráon. 23. Cia an seadh le bhfuil tu ag tabhairt ainm vile chumhachtaigh dho? Is e seadh as a dthabhruim sin dó, ni he ar an gcorsa go bfuil cumhachta aige, nach cleachtand [TD 6] se, ach go bfuil anuile ní aige fa láimh, & nert & jmpeirdhacht, go bfuil se, aguibhernoracht an domajn le phrovidens, & le ré fhaicsin fen go bfuil se acomhshuidhiughadh na nuile do rér a mhiana & a thoile fen, & ag riaghladh na nuile da dhteagmhand amhail do chithear dó feín. 24. Maseadh ni bfuil tu a cuma no ag deilbh cumhachta Dé do bheth diomhaoin, acht ata tu ag brethnuhgadh a bheth ina lethed sin aga bhfuil alham do ghnath re hoibruighadh amhail nach deantaoi én ní ach tréson & le dheerit? Is amhluidh sin ata. DOMH. 4. 25. CReud fa gcuirend tu les cruthaighteoir nimhe & talmhan? Ar son os tríd a oibrighibh do fhoillsigh se e fein duinn is jniartha dhuinne maraon jonta e: oir ni fhuil ar naigneadh & ar dtuigse aibel do gabhail & dothuigse ashubstainte dhiadhason: uime sin ata an domhan fen ar na chur far gcomhair amhail scathain egin ina bhfedmaois amharc ar son an mhed is tarbhach & infheadhma dhuíne a aithne. 26. Tre neamh & thallamh nach dtuigeand tu do bhair an lion ata do chreatuiribh uile jonta? Tuigjm cheana & ataid ar na gcomhchongmhail faoi an da ainmse vile an mhed go bfuilid neamhdha vile no talmhaidhe. 27. Achd creud fa ngoircand tu do Dhia cruthaighteeoir a mhain an mhed gurab feárr go mór na créatuir do choimhed & do chomhanacul ina staid fein ino én vair amháin a gcruthughadh? [TD 7] Ni nochtar les an mbeag chuidse amhain dia do chruthughadh en vair a oibrighe; amhlaidh sin jondas gur thelg se agcuram dhe o sin amach acht is mo is jonghabhtha dhújnne ar an gcorsa amhail do rindeadh an domhan ar tús les gur ab amhlaidh sin anois ata se arna chomhchojmhed lis jondas nach seasand an talamh & an’uile ní ar chor ele, acht an mhed le neartsan & mur budhe le laimh chondaimhthear suas jad: tuilleadh ele an med go bfuilid an’uile mursin aige fa lajmh; leanfaidh fos & criochnochar dhe sin gurab eissan ardriaghlaightheoir nimhe & talmhan e, is intuicte gurab e an taón ata le mhaitheas neart & ghliocas ag riaghladh vile chursa & ordaighthe na naduire is vghdar maraon na fearthana & an tarta an chloichshneachta & na ndoineand ele & na soinend, neoc do ní an talamh torrach, & do ní é arís ag tarraing a laímhe tar ahais aimrid o dtig id slainte & easlainte araón neoch fós fadheoidh, is fá chumhachtaibh, & fá ghuibhernoracht, & fhlaitheas ataid na huile, & dá n’umblaighidh tré smédeagh. 28. Achd adtimchiol na ndaoine aingidhe, & na ndiabhol creúd breathnaigheand an’aibheoram ambhethson mar áon fo mhaighthe dhoson? Gen go bfuil se ga ngujbhernoracht le spioraid fén gidheadh ata sé aga gcosg, & aga riaghladh mar budheadh le srian jondas nach bfhedaid jad fén do ghluasacht acht an mhéd legeas se dhoibh: Tuilleadh ele do ni sé ina lucht freasdail a thoile jad, jondas, go dtabhair ortha da n’aindheoin agus tar agcomhairle fén a’ní do chio- [TD 8] thear dhósan do chriochnughadh. 29. Creud an tarbhtha ata ag teacht chugadsa dhfios anechse? Ata tarbhta ro mhòr: oir do b’olc ar gcor, & ar gcorughadh da mbheth ní ar bioth ceadaigeach dona diabhluibh no do na daoinibh aingidhe a n’aghaidh, & seach, toil Dé & ni mo do bhiadh aigneadhe sámhach feast againd ag smuaineadh sind fén do bheth arar gcur fa chomhair an’anmjanasan achd andsin, fadheoidh, atamaid a gabhajl comhfhosa go sámhach ar mbheth dhuínn feasach srian do bheth arna chur ríu do rér toile De & a m’bheth mar budheadh arna gcomhcongmhail a gcumhgach jondas nach bf-hédaid ni air bioth do dhénamh achd le cheadson: agas go spesialta o do gheall sé bheth fén ina dhideanoir, & ina phriondsa slanaighe dhúinn. DOMH. 5. 30. TIgmid anois gus an dara cuid? Is se sin go gcred sind an’josa criosd a’aon mhacson ardtigearnane. 31. Creud chomhchondmhas anchuidse go generalta. Congmhaidh gurab é mac Dé is slánaightheoir dhuínn & ata sé ag fosgladh maraón an modha ler cheandaigh se sind on bhás ler chosain, & ler sholathair sè an bheatha dhuínn. 32. Creud chomharridhas ainm íosa le ngoireand tu é? Slánajghtheoir; aghon, tug an Taingeal an tainmse ar mac n’Dé ar jaratus dé fén. [TD 9] 33. Ané gurab mho a luach so ino gurab dáoine do bheradh aire? Is mó choidhce: oir an mhéd garab amhlajdh do bail le DIA aghoirm do be’gin maráon abheth jnalethedsin ar gach aon mhodh. 34. Agas creud jna dhiaidh sin is fiú ainm Chriosd? Nochtar les an’epithetse a oific: oir is se seadh dhó gur hongadh é on Atair jna rígh jna Shagart, & jna Phaith. 35. Ciondas is aithnidh dhuitsin? Is aithnidh dhamh é an mhéd gurab gus na trí hoificibhse ata an Scrioptur agnathughadh ongtha: arís ata se ag tabhairt na dhtrise adubhrámar go minic do Chriosd. 36. Achd creud an gné ola ler hongadh é? Nir le hola fhaicseanigh mhecsamhla do bhi arna cur do coisreacadh na sean rioghradh sagart, & phaitheadh achd le hola do bhfearr: aghon, le tioghlacaibh an spiorad naomh neoch is firinde do n’ongadh ata muigh. 37. Achd creud an rioghachtsa ar a bhfuil tu a comhluadh? Rioghacht spioratalta neoch ata arna comhchongmhail le focal, & le spiorad Dé neoch do bher jondracus, & beatha maille leó. 38. Agas creúd éa shagartacht? Is oific, & is vrraime é fén do thaisbeanadh abhfjadhnaise Dé do chosnadh, & dhfaghail grasa, & fobhair d’uinn, & do shiothchanughadh a ferge le hofrail na hiodhbarta budh toileamhail les. [TD 10] DOMHNAC. 6. 39. ANois cia an seadh le ngoireand tu Phait do Chriosd? Arson an tan tanaic se anuás isin domhan do adjmh se é fén do bheth ina theachtair, & ina reachtair, a Athar a measg daoine, & a’ní sin do bheth do chum na críche úd dés toil an Athair d’foillseochadh dô, go comhlán, go gcuirfeadh se dereadh ar gach vile Phajtheadarachta. 40. Achd an bhfuil tú ag airiughad tarba arbioth dibhsin? Atajm: ojr ni bheanjd na nethese ujle re ní ele, acht re’r dtarbhajne, & re’r majth: oir do thighlaj ceadh na nethese do Crjosd o Athajr fén, da gcomaojncohadh, & da gcomhpàrtughadh rinde, jondas go m’bjmjs uile ag tarraing as a lionmhureachtíon. 41. Cuir agcéll a’níse dhamh beagan ni’issoillere na marsin? Do lionadh e les an Spjorad naomh, & tugadh dó jna mormheallajbh sajbhreas fojrfe a uile thioghlajceadhson, da dtabhajrt, & da dtjoghlacadh dhujnn, aghon da gach aon fo leth do re’r an mhjosujr, js aithnidh do na’thair do theact rinde, & do bheth jomchubhaidh dhuinn, jondas go bfujlmid ag tarraing’ as an tsaibhreassin (amhail as en tobar) gach uile mhaith Spioradalta ata againd. 42. Creud an tarbtha ata a rioghacht do thabhairt chugaind? Ata, umaro, dés ar dtabhartha le dheaghmhaitheas do chum saorse chonsiasa do theacht adtír [TD 11] go diadha naomhtha, & dés ar gcúmdaigh, & ar gcludaigh le shaibhreasaibh Spioradaltason, ata cumhachta fos d’édeagh umaind neoch fhoghnas, & is lór dúinn do bhreth buadha, & uachtaranachta ar gnathnaímhdibh ar n’anmand ar an bpeacadh ar an feoil ar Shatan, & ar an saoghal. 43. Acht cia d’an dtarbhach a shagartacht. Cuige so, ar son gurab ar an gcorsa ata se ina aidne dhúinn neoch ata ag denamh ar síothchana, & ar rêtigh ris an athair: ina dhiaidh sin gurab thrídson ata entreas, & dul isteah fhoscaoilte againd gosoich an’athair, jondas go dtíseam fén ina fhiadhnaise le dòchus, & go bhfuraileam sind fèn, & ar n’uile ní ina n’iodhairt air, & mar sin ata se ag’ar ndénamh inar gcomhlucht parta, & inar gcompanacaibh ar ashagartacht fen ar chor égin. 44. Ata a phaithedoracht gan ragha? An tan tugadh do mhac Dé dréacht, & tioghlacadh abheth jna mhaighistir ar adhaojnibh fén, is é is crioch dó so esean da shoillseochadh le fior eolus a athair, da dteagasg isin fhírinde, & da ndénamh jna ndescioblaibh teaghlaig Dé. 45. Maseadh tegid na huile dar labhrais go soich so go gcomchonghmand ainm Criosd and fén natrí hoificeadha tug an tathair da mhac, do chum go ndoirteand sé ambhriodh, & a dtoradh ar a dhaoinibh fén? Tegaid mar sin. DOMH. 7. 46. CReud fa ngoireand tu do mhac Dé aonghen an mhéd gurab fíu, & gurab airidhe le Dia sind vile ar an gairmse maraón? [TD 12] Ni do thaobh naduíre atá aghaind gurab cland do DHIA sind, achd do thaobh macacht ochta, & gras d’èn chuid, an mhed gurab fiú les ar mhbeth aige isin áitsin, achd an tighearna josa neoch do coimpreadh, & do gheneadh do shubstaint an Athair, & ata d’en naduire ris an Ahtair, is rolaghamhail ghoirthear aon mhac Dè de, an mhed gurab e ina aonar ata mar sin do thaobh-naduíre. 47. Maseadh ata tú ag tuigse gurab leasonan onoir airidhse ata dfiachaibh aige amuigh do rer lagha na naduire: achd gurab and do chomaoinaigheas se rinde í: an mhéd gurab sinde a bhoill? Ataim cheana: & is le fêchain an chomaoinghe sin aderthar riosan an’aít égin an phrimhghen amesg mórain bráthair. 48. Ciondas thuigeas tú gurab é ar dtighearnaine é? Ar son amhail do hordhaigheadh é le Athair d’ar mbethne ajge fa impeirdhacht fén, do chum go bhfrithoileadh, & go bhfreastaileadh sé rioghacht Dé ar Neamh, & ar talamh, & go mbjadh sé jna cheánd na n’daoine gcredeamhnacha, & na n’Aingeal. 49. Creud é seadh a’neith ata ag leanmhuin? Ata sé soillsiughadh, & ag lergheadh an mhodha ar ar hongadh an mac le Athair, jondas go m’biadh se jna shlanaightheoir dhuinne: umaro, ar gabhail dó ar bhfeolaidhne ujme, gur chriochnaighe se jnte na neche sin uile do binfeadhma dar slanughadhne amhail ataid arna n’aithris and so. [TD 13] 50. Creud is seadh dhuit les an dá shentensasa a choimpert on Spiorad Naomh, & a bhreth le Murie Oígh? Gur fhoirmeadh é ambroind na hóige da substaintse, do chum go mbíadh sé ina shiol fíri Dhavidh, amhail do re raigheadh le Phaitheadorhacht na bphaitheadh, & gidheadh, gur hoibrigheadh sin le neart, & le brídh jongántaigh shécrede an Spiorad Naomh, gan chomand, no chomhchaidreamh fir. 51. Maseadh ané gur bhinfeadhma é do chur ar bfeolaidhne vimé? Do bseadh ar gach aon chor: oír do b’jomchubhaidh, & dó b’égin an esumhla do rindeadh les an’duine an’aghaidh Dé, do ghlanadh, & do shiothchanachadh anadúir an’duine mharáon, & nj mó ar chor ele do fhédfadh sé a bheth ina aidhne dhuinn: do dhenamh, & do chriochnughadh réte Dé, & daoine. 52. Ader tu maseadh gur b’égin Criost do bheth ina dhuine, do chum go gcoimlionadh se (mar udheadh inar bpearsainde uile chotcha ar slanaigene. Is amhlaidh sin thuigim: oir is egin dhúinne gach en ní ata d’easbhaidh oraind inar bhfochair fen do ghabail aníasacht uaidhson a’ní nach budh fhedir a dhenam ar chor ele. 53. Creud far chorichnaigheadh sin les an Spiorad naomh, agas nach táosca is le modh gna taidh geinalaig? Ar son go bfuil an síol daona uile thruaillighe do budh jomchubhaidh oibriughadh an Spiorad [TD 14] Noomh do dul eatorra anghenemhain mhic Dé jondas nachsailedhchaighte éles an tsalcarsa ach gombhiadh gloine ro fhoirfe aige. 54. Masead atamaid ag foghlum as so gurab égin a’neoch ata ag naomhthadh d’haoine ele abh: eth fen saor o n’uile sal, & gur b’égin dó ghloine (amhuil aderaind) tosaigh do bheth aige o bhroind amhathar do chum go m’biadh sé uile naomhtha do Dhia gan abheth arna shalchadh le sal arbioth an chinigh dhaonan? Is amlaidh sin fen thuigim. 8. DOMH. 55. Creud fa lémeand tu thairis go lúath ó aimsir bhrethe Croíst do chum abháis, agfágbhail eache tra a’uile bheathadh addhiaidh. Ar son nach fuilid nethe ar bioth arna lamhughadh and so, ach nethe bheanas comhairidhe rer slaunghadne, jondas go gcomhchongmhand siad ar chor egin jonta fen a shubstainte. 56. Creud nach abair tu gon timchiol d’en fho cal gur ég sé, acht ata tú acur les sin maraon anma an ghuibhearnoir fhar fnlaing sé an pháis? Ata sin ag fearadh, nj he amhajn do dhaingniughadh na heachtra, ach fos do chum go dtujgmis a bháson do bheth abhfochair achele, & dhamnadh. 57. Cuir sios, & minigh so in is soillere ina mur sin? Do fuajr se bás dfulang, & do dhiol na péne do dlighead dhínne & ar an gcorsa dhar sooradh uaithe, & ar mbeth dhúinne (amhail atamaid uile jnar bhpeacahaibh) ciontach, & fooi bhre- [TD 15] amhnas Dé do chum go ndeacadh se jnar n’aitne do bail les é fen do thais-beanadh a bhfjadhnaise breatheamhain Thalmaidhe, & adhamnadh le bheulson d’ar Mbethne fuascoojlte, & dar legean fa scaoil abhfjadnaishe nimchathrach bretheamhnais Dé. 58. Acht do ardlabhair & tug Pilatus amhail cert a bheth nemhchiontach, & uime sin nir damhain sé e mar chiontach, & fear dheanta uilc? Is jntuict e an taon oile: oir is se adbhar asadtug an breatheamh fjadhnaise a nemhchiontaighe amach do chum gomadh lan follas nach do chionta mhituillteanasa fen, acht ar son ar lochtne do buaileadh e, & gidheadh do rer anosa ghnathaighe do dhamhnadh e isin am sin fen le ragha, & le sentens an bhretheamhain chedna do chum gomadh follus a dhul fan mbhreatheamhnas, dobhamairne do thuilleadh, amhaill ar n’urra do chum go saoradh, & go dteas argadh se find on phecadh, & on mhallchadh. 59. Maith adubhradh: oir damadh peacach é ni budh rádh dhiongmhalta e do diol pene, & peandaide peacaidh dhuine ele, gideadh do chum go rachadh a damnadhson dhuinne go fior fhuasgladh do b’égin a aireamh Ameasg locht a deanta uilc. Is am laidh sin thuigimse. 9. DOMH. 60. AN mhéd do chèsdadh é; an mó an spés, & an tabhacht, ata aige ina gomadh gné le bháis choitchiond do ghebhadh sé? Is mó choidhche: amhail ata Pól maraon ag tabhairt rabhaidh uaidhe, ag scriobha dh gur ch- [TD 16] rochadh é agcránd; do chum ar gcursaidhne do ghabhail ar fén dar bhfuasghladh uaidhe: oir do bhi an gné bháis úd arna damnadh le mallachadh. 61. C’reud? ane nach gcuirthear a scandail ar mac Dé an tan aderear go roibhe sé faoi mhallachadh; & fos abhfiadhnaise Dé? Ni cuirthear feast. Oir agabail an mhallaighe sin ar fén do chuir as, & do nemhf-nigh sé é, & nir scuir sé isin nam sin fen da bheth beandaighe do chum go lan lionadh se sinde le bheandaceadh fén. 62. Lean romhad? An mhèd gur dioghaltus an bás do cuireadh ar an duine ar scàth peacadh do f-huilaing, & do iomachair Mac Dé é, & le fulaing rug buaidh, & vachtarancht air, & do chum gomadh fearde do fhoillseochadh sé go bfhuair sé bás firindeach do bail les, & do chondcus dó a chur abfiort a modh coitcheand daoine ele. 63. Achd ni faicfuithar tarbha arbioth do theacht chugaind Chriosd do bhreth na buadhasa, an med nach loigheide atamaid ag dul d’ég? Ni bfhuil sin ag bacadh anadhbhair: oir ni ní ele an bás anois do na daojnibh credeamhnacha, acht dul tairis gus’an mbeathaidh is fearr. 64. Ata ag leanmhain de so nach ionbhethe uaimhneach re an bhás ni is mó inar um eaglach é: achd gurab mhó is ion leanta dhuínd ar gceandfeadhna Criosd le hindtind nemhvamhnaigh, neoch amhail nar chlaoidheadh, & nar milleadh [TD 17] trés an mbás is amhlaidh sin mar an gcedna nach fuileongaidh sé sindé do chlaoi les? Is amhlaidh sin fén is indeanta dhuín. DOM. 10. 65. ANí do cuircaidh les adtimchiol adul siós anifreand creud an seadh ata aige? Gur fhuilaing sé ni he amhain an bás coitcheand deallughadh anamna ris angcorp, achd gur fhulaing sé maraon crágh cumhgach, & doilgheas an bhais amhail ader Peadar: & les an fhocalsa atam ag tuígse na gcumhgach vamhnach les gcumhgaigheadh, & comhchrepadh a anam. 66. Indis damh adhbhar anechse, & an modh arar fulaing Criosd an bás? Bhrigh, arna thaisbeanadh fén dhó abhfiadhnaise Chathrach bhreatheamhnaise Dé do dhénamh dioghluidheacht ar scáath peacach do bégin a choinsias do dhochrughadh les angcumgachsa amhail do bhiadh sé ar na thrégeand O DHIA, & ni is mo, amhail do bhiadh se abhferg ris is na cumhgachaibhse do bi se an tan do ardéigh se do chum Athar mo DHIA fein, mo DHIA fein creud far thrégis mé. 67. Ané go raibh an t’athair a bhferge ris? Ni raibhe choidhche ach do imir sé an ghairbhese jna aghaidh, & an aimhdeanas jondas go gcoimhlionta aní adubhradh roimhe le Hesaias gur buaileadh é le laimh Dé, ar son ar bpeacadhne, & gur loiteadh é ar son ar nasiondhracais. [TD 18] 68. Achd ar mbheth dhó jna dhia ciondas do fhédfadh sé abheth arna chriothnughadh, & arna garbhghlacadh le lethed sin déagla, amhail do bheradh Dia cul ris? Is mar so is jntuicte é gurab do rer adhaonachta rugadh do chum an’égentaise é, & jondas go n’deantaoi sin, do bhi adhiadhacht isin ám sin fein abfolach, aghon, ni raibhe si ag nochtadh a chumhacht fein. 69. Achd ciondas aris fhédas sin abheth, Cbriosd neoch budh shlainte don domhain do bheth fa ndamnadhsa? Ni deachaidh sé amhlaidh fhaoi, jondas go n’anfadh sé faoi: oir is amhlaidh sin do gharbhghlacadh é les na huamhnaibh sin adubhradh, jondas nar claoigheadh é leo: acht is mó ar mbeth dho a cruaidh charuidheacht, & a cruaidhghlec re neart ifreand, do chlaoi, do bhris, & do soledair é. 70. Atamaid ag tionol as so an t’eadardhealughadh ata edir an phian chinsiasa do fhuilaing Criosd, & an phian le bpiantar na peaccaigh ar a bfuil lámh fheargach Dé ag jmirt dioghaltais: oir aní do bhi dhosan ré seal ata sé dóibhsan Suthain, & aní do bi dhosan ar scath bhear dha bhrodadh ata sé dhoibhsan jna chlaoidheamh marbhthach (amhail aderaind) jna chlaoidheamh do chiorrfaidh a gcroidheadh? Is amhlaidh sin ata: oir ar mbeth do Mhac DE arna thimchiolachadh isna cumhgacaibhse nir, scuir sé do dhènamh dochais as athair, ach [TD 19] peacaigh arna ndamnadh le cert bhreatheamhnas DE, tuitfaidh aneamhdhochus, béc faid ina agaidh, & lingfaidh amach dho thabhairt scandaile fhollais dó. DOMHNACH. 11. 71. NAch fédmaid atarraing, & a fhásgadh as so crèud antoradh ataid na daoine credeamhnacha dfhaguil do bhas Chriosd? Fedmaid cheana, & ar tús do chiamaid go demhin gurab jodhbairt é lerghlan sé ar bpeacaidh abfiadhnaise DE, & marsin désferge Dé rind do rethughudh rug sind abfhobhair, & angrása maille ris, ina dhiaidh so gur nighe afhuil (le glantar ar nanmanda) sind o nuile shalchar: fadheoidh gur cuireadh ar gcul cuimhne ar n’uile pheacadh, jondas nach dtigid feast abfiadhnaise Dé, & mar sin go raibhe an lamhscriobtha le roibhamar ceangailte arna chur as. 72. Ané do thuilleadh nach dtabhair sé maóin do bhárr tarbha chugand? Do bher cheana. Oir le dheaghthioglacadhson (ma sind go demhin boillfhrifi Chriost) ata ar sean duine, aghaon an peacadh agacheasadh, ata corpan pheacaidh aga chur aneamhfini, jondas nach bjaidh uachtaranacht ni ismó ag anmhianaibh na feola jondaind. 73. Eríg ar haghaidh isna helib? Ata ag leanmhain gur érighsè fén an treas la o mharbhaibh do chum go nochfadh sé é fén do breth buadha ar an bpeacadh, & ar anmbas: oir le esérige do shluig siós an bhas do bhris [TD 20] O chéle cuibhrighe annaigh, bhearsoira, & tug go nemhfní a uile chumacht. 74. Ca méd toraidh ata ag teacht chugaind trés an esérigse? Atri: oir trithese ata firentacht arna chosnadh dhuínn ata si jna comharrdha, & ina geall dearbhtha arar neamhthrnaillaidheacht, & atamaid anois fén arar ndusgadh suas le brídh a esérgheson go naoidheacht beathadh, do chum le teacht adtir go glan naomhtha go mbimisumhal dathoil. DOMH. 12. 75. LEanhmaid na fuighil? Do chuaidh se suas ar neamh. 76. Acht an amhail do chuaidh sé suas ar-neamh, jondas nach bfhuil se ni is mó ar talamh? Is amhlaidh. Oir dés dó na n’uile do hearbadh ris, & do chureadh air O n’aithair, & fos do bha infeadhma dar slánughadhne, do chriochnughadh, ni raibh fédhm ar bioth bheth ar an talamhsa nj budh sia. 77. Creud an maith do ghéhheam don dul suasa? Do ghebham maith, & toradh dupalta: oir an méd gurab jnar lethne, & arar son do chuaidh Chriosd isdeach ar neamh, amail is arar scath tanaic se anuas ar talmhain, do rinde sé éntreas fhosgailte dhuínne maraon gosoich an’ait sin, do chum go mbiadh an doras sin anois fosaoilte dhuinne, neoc do bhi rhoimhe jata trid an bpeachadh arís ata sé do lathair aga thaisbeanadh fén abfiadhnaise DE ar ar soindne ina the- [TD 21] achtaire, ina aidne, & ina phatrun. 78. Achd a’ndeachaidh Criosd amhlaidh vaind aga bhreth fén suas ar neamh, jondas gur scuir sé anois da bheth maille rind? Ni deachaidh choidhche, oir go contrartha do gheall sé abheth fein maille rind go dereadh an tsáoghail. 79. Achd an med go bsuil sé ag aitreabh maille rind in a dtimchiol alátharrdacht corporidha is jontuicte é? Ni headh: oir is ní ele labhairt adtimchiol an chuirprugadh suas ar neamh, & ris ar gabhadh suas ar neamh, & na gcumhachta ata arna geraobhscaoileadh in gach vile aít. 80. Creud an seadh n’abair tu a bheth jna shuidhehr des Dé athar? Is é seadh na bfocalsa an t’athair do thabhairt vachtaranacht nimhe, & talmhain dó, do chum go nguibhernoraigheadh sé an’uile 81. Achd creud shigneobhas duit an doslamh, & créud an suidheso? Is cosamhlach é arnabhreth, & arnaghabhail an’iasacht O Phriondsadhaibh talmhaidhe, neoch danab gnàth na daoine da dtaobhand siad an’aít do shuidhiughadh ar an’deaslaim. 82. Maseadh ni fhuil tu ag tuigse nech ele, achta nech ader Pol gur hordaigheadh CRIOSD jna cheand na Heaglaise gur tógbhadh suas anairde é os ciond gach vile vachtaranachta, & Phriondsipaltachta, & go bfuair sé ainm os ciond gachvile anma? [TD 22] Is amhlaidh ata, & ader tu. DOMHNAC. 13. 83. GLuaiseam thairis gus na nechibh ele? As sin thiocfas do bhreth brethe ar bheodhiabh, ar mharbhaibh: na focail da seadh, go dtiocfa sé go follas dobharr nimhe do bhreth breatheamhnais ar an gcruinde, amhail do condarcus go follus é ag dull suas. 84. An mhédh nach biáidh lá an bhreatheamhnais ré ndereadh an tsaoghail ciondas ader-tú go mbia cuid égin do na daoinibh béo ino ar marthain and sin, ar bfaicsin go bfuil cumtha ordaighthe dona daoinibh én’uair dul d’ég? Ata Pól ag fuasgladh na ceisthese an tan ader sé an lion bheas béo, no ar marthain d’athnuadhughadh le luath chlaochlodh, do chum jar dula neamhbrídh, & as do chruaillaidheacht na feola, go gcuirfadh siad úmpa a’neamhthruaill aidheacht. 85. Maseadh ata tú ag tuigse an chlaochloidhse do bheth dhoibh a riocht, & ar son báis, an mhed go mbhiáidh sé ina chur as, jno argcul na céd nadúire, & ina thosach na naduíre naoidhe ele? Is amhlaidh sin chuigim. 16. Abfuilied ar gcoinsiasane a gabail comhfhurtacht no garrdighe as sin, eghon mhiaidh CRIOSD én vair jna bhretheamh an domhain? Ataid go demhin agabhail gairdighe ro oi irdherc gan choimeas: oir ata dherbhfios againd nach dtiocfa sé, ach do chum ar slanaighne. [TD 23] 87. Maseadh ni hion bhethe dhuínne naimhneach ar ciond an bhreatheamhnais, jondas go gcuireand sé eagla oraind? ni hion bheith choidhche, an mheud nach seasam, acht abfiadhnaisi Cathrach bhreitheamhnais an bhretheamh sin, atana aidhne, & ina Phatrun duínn, & do ghabh chuige sind ina fhirinde, & ina anacul fein. DOMH. 14. 88. TEagam anois go soich an treas cuid? Ata an chuid sin adtimchiol an chredimh isin Spiorad naomh. 89. Agas creud ata sí do thabhairt chugaind? Is ris so bheanas sí, jondas go dtuigeam, & go mbiadh afhios againd, amhail do cheandaigh, do shaor, & do theasairc DIA sínd trés an Mac, gurab amhlaidh sin ata se agar ndénamh comhaibel comhchumhachdach, & atamaid do ghabhail an tsaortha, & an tslanaighese trés an Spiorad. 90. Ciondas? Amhail ata glanadh againd abfuil Chriost: is amhlaidh sin is égin trés an Spiorad naomh ar ghcosnsiasne do bheth ar na gcumailt lé, & abethse ar na crathadh orra, jondas go nglantaoi jád. 91. Ata vaidhe so, & duireasbhiudh air, miníghthe nj is soillere jna so? Tuigim gurab é Spiorad Dé, angcén aitreobhchas se jnar gcroidhne do ni & do bher oraind, jondas go mothuigheam brídh Chriord: oír is le soillseochadh an Spiorad naomh, do [TD 24] nithear, jondas go gcomhthuigeam tioghlaice Chriosd is le bhrostughadh comhairle, & persuasion do nithear, jondas go nardshelaighthear jad inar gcroidhibh fadheoidh is esean amhain do bher dhoibh jonad jondaaind, ata agar n’athbhreth, & do ní gurab creatúre nuaidhe sind: vime sin na huile shurailtear tairgthear, & do bhearthar dhuínn agcriosd, is le neart an Spiorad naomh ghabhmaid iad. DOMHNAC. 15. 92. GLuaiseam romhaind? Ata an ceathrugh cuid ag leanmhuin ina n’admhamaid go gcredmid én eaglais naomhtha do bheth and. 93. Cr’eud is aiglais and? Corp agas comand na ndaoinecredeamhnacha, neoch do roimhórdeigh Dia gus anmbeathaidh shuthain. 94. Ané go bfuil an ceandsa égeantach re credeamhajn maraon. Ata cheana muna báil lind bás chriosd do dhenamh diomhaoin, & gan spes do bheth do gach sí do labhradh go ntrasta; oir is é so brídh na n’uile go bfuil eaglais and. 95. Maseadh ata tù tuigse gur lamhaigheadh cheana ughdair, no adbair an tslánaighe, & gur nochtadh afhuudament ar mbhetduit a cur sios gur le toilteanas, & le haidhneas: Criosd do ghabhadh sind a’ngrás le Déa, & gurab le bridh an Spiorad Naomh dhaingnithear an grásasa jondaind: actanois go bfuil an’uile bhriodh so ar [TD 25] na bfosgladh, do chum gomadh demhnighthe da riribh do bhiadh an creidimh ar na fhoillseochadh? Atam, & is amhlaidh sin ata an tadhbhar. 96. Achd, creud an seadh le nainmhaigheand tu an eaglais do bheth naomhtha? An med, umaro, do thogh DIA ata sé aga bfhirènughadh, & aga nathchuma, no aga nath fhoirmeadh anaomhdhacht, & anemhchiontaighe beathadh, jondas go ndealraigheadh aghlóir fén jonta; & is é so aní is ail le Pól ag tabhairt raibhthe vaidhe, gur naomh CRIOSD an’eaglais do cheanaigh, & do theasraic se, do chum go mbhiadh sí glóireamhail, & glan ó gach vile shalchar. 97. Creud is seadh depithet no dfocal na heaglaíse Catholica no coitchiond? Teagaisgthear sind les sin, amail ata én cheand no n’uile chredeamhnacha and, gurab amhlaidh sin is égin do n’uile comhfhas anen chorp, do chum go mbiadh én Eaglais tríd an gcruinde vile, ar na craobhscaoileadh gan mbharr. 98. Achd, creud an tabhacht ata and súd do cuireadh les go haithghearr adtimchiol comaoinighe na naomh? Is vime do cuireadh so siós d’soill siughadh ní is soillere na haonachta, & an comaoinighe ata edir ballaibh na Heáglaise: cuirthear agcéill maraon gach tioghlacadh da dtug DIA da Eaglais, go mbeanadh siád re maith chiotchind na n’uile, an mhéd go bfuil vile ata comaoineachadh comaontadhach comgheallach. [TD 26] DOMHNAC. 16. 99. AChd an bfhuil a naomhtachtasa ata tu do thabhairt do Neaglais anois forfe? Ni fhuil fos umaro, an gcén bhias í a cathughadh is in domhansa: oír ata sí do ghnáth anmhfhand vireasbhuidh, & ni glantar vile í feast ó fhuighlibh lochta, jno go raibhe sí ag lan leanmhuin re ceand CRIOST, ó naomhthair í. 100. Ané fós nach bfhédir an’eaglaise d’aithne ar chor ele acht an vair credthear í le dochus? Ata Eaglais DE faicseanach and go demhin, neoch do chuir sé fein siós dúinn le dearbh chomhairdhaibh, & le notaibh, acht is ar comhthionol na ndaoine gcredeamhnacha ticthear and so go hairidhe, neoch do thogh sé le chomhairle dhiamhair fén do chum slanaighe, & ni fhaicthear an Eaglaise do ghnáth le súilibh, & ni mó aithneochar le comhairdhaibh í. 101. Creud leanas jna dhiáidh so? Credim maitheamhnas na bpeacadh. 102. Creud an seadh ata dhuit abfhocal an mhaitheamhnais? Go bfuil DIA da shaor mhaitheamhnas fein ag luidheachtughadh, & ag maitheamh abpeacadh dona daoinibh credeamnacha, suil goirthar ambreatheamhnas jád, no suile bhearthar, & ghabhthar dioghaltas dhibh. 103. Ata ag leanmhuin dhe so, nach ler ndioghluidheact fén atamaid agtuilleadh maitheamhnais na bpeacadh, atamaid dfaghail on tighearna? [TD 27] Ata go firindeach: oír is é CRIOSD ina aonar (ag joc an dioghaltais) do rinde dioluidheacht: an mhéd bheanas rinde, ni fuil coimhleasughadh arh biorh againd do bhermais do Dhía, achd is da fhior Phailteas fein atamaid ag faghail an tioghlacaidh shaoirse. 104. Creud fa bfaoigheand tu maitheamhnas na bpeacadh ris aneaglais? Ar son nach fajgheand dujne ar bioth é muna raibhe sé ar tús ar na chomhaonughadh; aghon arna cómhthilughadh, & arna comhshnaidhmeadh ré Phobal Dé, & muna coîmedaidh sé anaonachtsa go marthanach go dereadh abheathadh re corp Chriosd, & ar an modh sin sé dfoillsiughadh abheth fén jna bhall fírindeach do n’eaglais. 105. Ata tu ag suidhinghadh ar angcorsa nach fhuil ach damnadh suthain, & scrios leth amuigh do neaglais? Atam choidhche: oír ge bé ar bioth jad do deallughadh ré corp Chriosd, & ata ngearradh as an aonachtsa le saobh chredeam, ata gach vile dhochas slanaigh arnagearradh uathadh an gcion anas siad jnalethed sin do dheallughadh. DOMHNAC. 17. 106. AIthris abhfuil d’fuigheall? Credim esérghe na feola, & an bheatha shuthain. 107. Creud an tadhbhear as a gcuirthear an ceandsa an admhail an credimh? Iondas, go dtabharthaoi rabhadh dhuinn na- [TD 28] ch jsin talmhainse ata ar naoibhneas, & ar nardshonas neach is dupalta toradh, & tarbha afhios: ar tús ata maid ar ar dteagasg as sin gurab amhail deoradha isin atreobhtha dhúnn an domhansa, jondas gombimis do ghnath ag smuaineadh adtjomchiol jmjrge, & gan sinde do legean dar gcroidhibh ambeth ar na n’imfhilleadh le himneadhaibh talmhaidhe: jna dhiaidh so ge bé ar bioth cor ar a bfuil an’ainmhfhios dúinn fós, & abfolach ar súilibh toradh an ghrása do chomhthoirbheradh dhuínn agcriosd, gan sin ar anadhbhar sin do cháll ar mesnighe, ach sind dfhuilang go foighidneach go soich lá an fhoillsighe. 108. Achd Cia bhus ordughadh de n’esérghese? An lion do bhadar marbh roimhe sin aithghébhaid arís a gcuirp fein: aghon, na cuirp chéna do imechradar, achd ar mbeth dhoibh qualiteadh no cájleadh nuaidhe aca: aghon, gan a mbeth ni sía faoi bhás no thruailaidheacht, acht an lion bhias béo and sin tóigheobhaidh Dia anairde jád go miórbhuileach le luath chlaochlodh. 109. Achd ambí si coitchiond dona daoimbh diadha, & dona daoinibh aingidhe maraon? Ata an én eserghe vile aca, acht biaidh astaid, no agcor contrairdha: oír aithéreochaidh ele dibh go slánughadh, & sonas, an ele go bas, & truaidhe imalaighe. 110. Creud maseadh fa gcomhluaidhthear and so an bheatha shuthain de’nchuid, & gan iomrádh ar ifreand? Ar son nach faghar ní ar bioth and so, ach [TD 29] ní bheanas ré comhfhurtacht na nananmand Diadha: ar an adhbhar sin aithristear, amhain na tioghlaicte, & na tuillidh do roimhullmhaigh Día da sheruontaibh fén: & ar sin nj cuirthear les an crandchar, & an míamhantar, ata ag fetheamh ar na daoinibh aingidhe, neoch is aithnidh dúinn a mbeth amuigh ina nallmharachaibh O ríoghacht Dé. DOMH. 18. 111. O Thuigmid an fundament ar an’dleaghar an credeamh do shuidiughadh, is ullamh, & is urasa definition an chredimh fhírindigh do tharraing as sin? Is amhlaidh sin ata: & is amhlaidh is ceadaigheach adehfiniughadh, jondas go nabram gurab fios, & eohlus dérbhtha daingean deagh thoile aithreamhla Dé oraind é: amhail fiadhnaiseas é trés an Soisgel abheth fén ino athair, & jna shlanaightheoir dhuinn tré deaghthuillteanas CHRIOSD. 112. In vainn fén do choimpir, & do gen sind an credeamhsa, no o Día atamaid da fhaghail? Ata an scriorhtur ag teagasg gurab tioghlacadh oirrdherc Dé é, & ata experiens, no fiondachtain fén agdearbhadh anech sin. 113. Creud an experiens ader tú riom? Ar son, umaro, gurab aimghére ar naigneadh jno dho fhédadh sé gliocas spiortalta Dé do ghabhail, & tuigse, neoc fhoillsighthar dhuinn tré chredeamh: & gurab vllmha thende ar gcroidheadha go neamh dhó chus jno go hand [TD 30] dóchus do dheánamh jondaind fen, & agcreatuirebh ele go haimideach, ino do ghabhail fhosa da ndheóin an Dia, achd is é an Spiorad naomh le shoillseochadh fein ata ag’ar ndénamh aibél do thuigse na netheadh, do rachadh ar modh ele go fhada tar no ósciond ar dtuigse, & isé ata ag’ar bfhoirmthadh, & ag’ar gcoimhdhénamh go dearbh dhochus daingean ag sélughadh gealta an tslanaighe jnar gcroidhibh. 114. Creud do mhaith ergheas duinn as an gcredeamhsa ar mhreth dhuinn én vair air? Ata sé ag’ar bfeírenughadh abfiadhnaise Dé, & ata sé ag’ar ndeanamh jnar noighreadhaibh ar an mbeadhaidh shuthain les an bfhírenughadhsa. 115. Creud ané nach firenaighthar daoine le téacht adtir go diadha naomhtha nemhchiontacb an tan do ni’d stuidér, & dicheal ina ndearbhadh fén do Día? Da bfaghthaoi a chomfhoirfe do neoch ar bioth do fhédfuighe abhreathnughadh a bheth ina fhírénach go tuilteanach, acht ar bfhaicsin go bfhuilmid inar bpeacachaibh ciontach ar a lán do modhaibh abfiadhnaise Dé, is jniarrtha dhuinn diongmhaltacht do thaobh ele do fhédfadh ar siothchanchadh riosan. DOMH. 19. 116. AChd ané go bfuilid vile oibrighe dhaoine comhshalach, & ni is mó gan mhaoin do shuím no do luach, jondas nachfédaid grás no fobhar do thuilleadh: absiadhnaise Dé? Ataid, & ar tús gach vile obair shuidheas va- [TD 31] ind, jondas go nabarthaoi ar ngniomhne ris go hairidhe, ni tualaingid maoin, achd neamhthaitneamh le DIA, & ambeth arna dtelgean vaidhe tar a’nais. 117. Ader tu maseadh res anám an aithbherthear, & an aithfhoirmthear sind le Spiorad Dé, nach dtualaingeam maoin, acht peacnghadh amail nach dtabhair an droch craobh, achd droch mheas, & toradh vaithe? Is amhlaidh sin ata ar gach aon chor: oir da bhréaghacht brat ar bioth, & scáile da mbía aca a súilibh daoine, gidheadh ataid olc an gcén bhusolc an croidhe ar a bfuil DIA os an’vile ag amharc. 118. Ata tu ag tionol as so nach bfhédmid dul ré ndia le tuilteanas no a dheaghmhaitheas do ghreandnghadh: ach gurab mhó gach ní da n’aidherhheam, & gabhmaid do laimh, nach deandaois maóin acht afheargson dfadodh, & do las adh nj is mo, & ni is mó jnar n’aghaidh? Is mar sin thuigim ar an adhbhar sin da sháor thrócaire fén gan fhechain inar noibrighibhne ata se ag’ar ngabhail, & ag’ar ngrádhughadh agchriost agabhail a fíréntachtason do bheth inar bfhíréntachtne, amhail do budh lind fén í, gan ar bpeacaidh dagra oraind no do chomhaireamh dhuínn. 119. Ciondas maseadh ader tú ar bfhirénughadh le credeamh? Aderim sin ata, an tan do ghebham gealltha an thosgél le dóchus daingean an chroidhe atamaid [TD 32] ar chor égin ag breth ar an bfhíréntachtsa aderim. 120. Is é so maseadh is ail leat, amhail tairgthear, & furailtear an fhiréntachtsa O Dhia trés an Soisgel gurab amhlaidh sin is jnghabhtha dhuínne í? Is amhlaidh sin fein do b’ail liom. DOMHNACH. 20. 121. ACht ó nám jnar ghabh Día sind go grádhach, ané nac toileamhail les, & nach é beatha na noibrigheadh do niam aige, ar mbeth don Spiorad Naomh aga ndirgheadh? Is toileamhail les jád, & tigid ris an mhéd gurab diongmhalta les an gabhail chuige go sáor, & nj le tuillteanus an diongmhaltachta fén. 122. Acht an’uair tigid amach on Spiorad naomh, ané nach féddaid fobhar do thuilleadh? Ge tigdis amach uaidhe, gjdheadh ata méd egin do shalchar ó anmhfainde na féola arna mheasgadh jonta le salchar, & le dtrnaillthear jád. 123. Cia vaidhe, & ciondas do ujthear, iondas go dtaitnaid le Dia, & gurab é ambeatha aige? Is é an credeamh amhain, a’neoc fhédas fobhar do chosnamh dhoibh, an tan leagas sind ar gcudtrom ar an dóchasa, nach dtigdis go cúntus an’ardlagha; an mhéd nach randsaigheadh Día jád do rér tinde, & cruas a rjaghla: acht ar bhfholach alochta. dó, & ar gtomhjothlacadh a shalchair le gloine Chriosd go mbédis aige lsin aítsin, & go measand sé jád, amail do bhédis forrfe, ceart go huilidhe. [TD 33] 124 Acht adtionoileam dhe sin Criosdaidhe d’fírenachadh le hoibrighibh dés a bheth ar na ghairm ó Dhia, jno fhaghail le tuillteanas a oibrighthe, jondas gomadh jonmhuin le Día é, neoch is é a aojmhaineas, an bheatha shuthain dúinn? Ni tionoileam choidhche: ach gomadh mó choindeobham againd a’ní ata scriobhtha; nach bhfédfuighe duine truaillidhe dhfírénachadh abhfiadhnaise Dé: vime sin is jonghérghuidhe dhvínn gan é do dhul ambreatheamhnas maille rind. 125. Gidheadh ni breathnocham ar ashon sin oibrighthe maithe na ndaoine gcredeamhnacha do bheth neamhtharbhach? Ni breathnocham cheana: oír ni diomhaoíneach ata DIA a gealleadh tuillmhidh, & tuarasdail doibh isin mbeathaidhse, & isin mbeathaidh ata ag teacht, gidheadh is ó shaór ghrádh DE (amhail as tobar) ata an tuarastalsa ag brúchtadh, & ag sileadh an méd; umro; go bfuil se ar tús ag’ar ngabhail jnar gcloind dó fén: ina dhiadh so ar gcomhiodhlacadh, & ar gcur cuimhne ar lochtne ar gcúl, ata se ag leanmhuin, & agrádhughadh na n’oibrightheadh tig vainde le fobhar. 126. Acht ané go bhfédír an fhíréntachtsa, amhail dó scaradh ré deaghoibrighibh, jondas go mbíadh sife ag neoch bheas jna bfheígmhaisan? Ni fhéd so a bheth: oír an vair do ghébham CRIOSD maille re credeamh, amhail thairgheas & fhuraileas sé é fén duínn ata se do ghéalladh duínn ni he amhain saórtha, & fúasglaidh on bhâs, & ar sióthchanachadh re Día, [TD 34] acht maille ris sin grás agas neart an Spiorad naomh le ndiongantar ar n’aithbhreth go naoidheacht beathadh: is égin na nethese do chur abhfochair achéle mnna b’ail lind CRIOSD do tharraing O chéle. 127. Leanaidh Dhe sin gurab é an credeamh an fhreámh, & an bun as adtigid, & abhfásaid an’uile dheagh’oibrigthe, ata an oireadsa maseadh vaide, & do bfada les ar ngairm tar ar n’ais O stuiderson? Is amhlaidh sin ata ar gach én chor, & js ar sin ata vile theagasg an tsoisgel arna comhchongmhail isin da chuidse, aghon, agcredimh, & an’aithridhe. DOMHNAC. 21. 128. CReud í an aithridhe? Michédfaidh, & neamhthoil, & fuath peacaidh, agas gáol jondracais ag teacht O eagla Dé neoch threoraigheas leo go soich ar n’áicheodh fén, & marbhadh ar bhféola iondas go dtoirbheram sind fén dar riaghladh le Spiorad Dé, & go gchomhullmhaigheam vile ghniomhatrdha ar mbeathadh go humhlacht athoileson. 129. Ach do b’e so an dara cuid do bi is in randadoracht do chuireamar síos ar tús an tan do bhadhais ag nochtadh modha onoraigh Dé go hiomchuibhaidh? Is fior gurabé, & do chuireadh les maraon gurab é so an riaghail fhírindeach laghamail d’adhradh Dé, sind do fhreagra, & d’umhlughadh da thoil. [TD 35] 130. Ciondas sin? Ar son gurab é so fadheoidh an t’adhradh thaiteonas, & tig ris, ni he an tí do chithear dhvinue do chomhchuma, acht antí do chuir sé romhaind, & do roimhscriobh sé le deaghthoil diúnn. ADTIMCHIOL AN LAGHA. 131. AChd creud an riaghail do theacht adtir, & do chaitheamh na beathadh tug sé dhuinn? Alagh fén. 132. Creud ata sé do chomhchongmhail? Ata sé a coimhsheasamh andá chuid: aga bfuil ag an céd chujd ceathre aitheanta, & ag andara cuid a sé, jondas go bfuil an lagh ag seasamh ar gach én chor an’dech n’aitheantaibh. 133. Cia is ughdar don rondadorachtsa? Dja fén neoch do thoirbhir scriobhtha é a n’da thabhail do Mhaoise, & do fiadhnaisigh go menic abhéth arna thabhairt go dech bhfoclaibh. 134. Creud argument na céd thaibhle? Ata si ag labhairt adtimchiol dlighidh na serbhise diadha do Dhia. 135. Agas an dara? Ciondas is jndéanta, & is jnbheanta dhúinn re ndaoinibh, & creud dhligheas sind doibh. [TD 36] DOMHNAC. 22. 136. AIthris an céd aithne no an cédcheand don lagh? EIST a’Israel, js mese jehouah do dhiadhsa, neoch do threoraigh amach thusa atalamh na heghiphte, ateaghas na serbhontadh: Na biodh aon dona déibh ele agad um fhiadhnaisese. 137. Anois cuir síos seadh na bhfocal? Ar tús ata sé agnathughadh mhec samhla tiondscanta égin gus an lagh go lér: óir an tan ainmeochas sé é fén jna Iehouah; ata se agabhail córa, & ughdarais chuige fén do chur aíthne amach: jna dhiaidh sin do chosnamh fobhair dá lagh fén jnar bhfochairne ata sé acur les gurab é fén ar ndíane: oír is ojread js fíu na focailse, & go ngoireand sé ar slanaighthoirne dhe fén, & os airidhe les sind ar an deaghthioghlacadhsa js cneasda dhúinne fa gcuairt sind fén do thabairt jnar bpobal umhal fregarach dhósan. 138. Acht anj ata arna cur les go prap jna dhiaidh so adtimchiol saortha, & briste cuinge na daoirse Egyphtigh do bhi arna briseadh, nach ris an bpobal Israelta, & go demhin riosan amhain bheanas é go hairidhe? Admhuim gúrabeadh; an méd bheanas ris an gcorp; acht ata gné ele shaortha and, neoch fhearus argach aon duine go coimhchert: oir do shaor, & do theasairc sé sínd ó dhaoirse Spioradalta peacaidh, & ó fhoirégin, & fhoirneart an diabhaill. [TD 37] 139. Creud far chuimhnigh sé a’ni sin an tan do bail les a luadh adtosach a lagha? Do chum go dtugadh sé comhrabhadh dhuínn go mbimis ciontach a neamhbuidhchus ro adhbhal; muna toirbheram sind fein go ler do chum a umhlason. 140. Acht creud jarris sé isin chéd cheandsa? Iarradh sé sind do thabhairt a onora fein dó, jna aonar go daingean, & gan sind do thabhairt párta ar bioth di do thaob ele. 141. Cia a onoir aíridheson bhus neamhcheadaigheach do thabhairt do thaobh ele? Adghradh no feacadh do dhénamh ris ar ndóchus do chur, & do chomhshuidhjughadh ánd: esean d’eadarghuidhe: gach vile ní fadheoidh jomchubhaidh re mhorghalachtson do thabairt dó. 142. Creud far cnireadh an bheagchuidse les vmfhiadhnaishese? Ar son nach fhuil ní ar bioth comhfholaigheach, jondas go bfhed sé abheth a’n’ainmhfiós dó, & gurab é fein fear feasa, & bretheamh asmvaineadh folaigheach; ata sé acur agcell go bfuil sé ag jarraidh ni he amhain onora na hadmhala amuigh, acht maille ris sin fiór dhiadhacht an chroidhe. DOMH. 23. 143. ERgéam thairis gus an dara céand? Na déna grafaint dhuit, jno jomhaigh na netheadh, ata fuas ar neamh, no adtalmhain shiós, no n’uisgeadhaibh faoi thalmhain, na haghair dhoibh, & na géll doibh. [TD 38] 144. Ané go bfuil sé a cronughadh go huilidhe gan iomhaigheadh ar bioth do phaiteadh no do ghearradh? Ni fhuil, acht ata sé a cronughadh dhá neth and so amhain, aghon, gan sind do dhénamh feacaidh ríu. 145. Creud as nách ceadaigheach Día do nochtadh le fioghair fhaicseanaigh? Ar son nach fhuil maon do chosmhaileas edjr an tí is Spiorad shuthain neamhchongmhalaigh, & an fhioghair is truaillighe marbh. 146. Maseadh ata tú ag breathnughàdh go bfuil an égcoir aga dhenamh ar amhorghalachtson, an tan do bhearar aidherbe ar a thaisbenaidh ar an gcorsa? Is amhlaidh sin atam ag bhreathnughadh? 147. Creud an ghné féacaidh no agartha ata and so ar na damnadh? An tan jompoidhean sind fein do dhénamh urnaidhe re deilbh no re hiomaigh & thelgeam sind fein siós jna fiaghnaise, no do bhéram onor di le lubadh na nglún no le comardhaibh ele, amhail do thaisbeanadh Día é fein dúinn leosan. 148. Maseadh ni he gach aon ghné phaiteoracht no gearrtoiracht ar biodh is jontuicte do bheth arna damnadh les na foclaibhse go huilidhe, acht atamaid arar gcronughadh amhain jomhaigheadh do dhénamh gus an gcriese, jondas go niarram no go nonoraigheam Día jonta no (a’ní is jonand go) ngélleam doibh an’onoir Dé no gomíchleachtam jad ar chor ar bioth go superstiti- [TD 39] on no go hiotholacht. Is fior sin. 149. Anois creud an chrioch gus an legfeam an ceandsa? Amhail do chuir se agcéll isin cheand os ciond gurab é fein an t’aon neoch; da madh égin gélladh, & aghradh is amhlaidh sin anois ata sé ag nochtadh cia an fhoirm dhíreach aghartha do chum go mberadh sé sinde ó gach vile shuperstition no saobhchredeamh, & ó gach vile mhacnasmeanman, no briongloidibh lochtaigh féolamhlá ele. DOMH. 24. 150. ERgeam romaind? Ata se acur bagair les: oir is mese IEHOVA do Dhíasa ata laidir edmhar is mé ata acontughadh aingidheachta na n’aithreach ar an gcloind go soich an treas, & an ceathrughadh na hoghaibh, & na hiaroghaibh don mhuintear aga bfuil imfuath. 151. Creud as an bfhuil sé ag luadh a Spionadh fein? Ata sé a comharrughadh les sin go bhfuil ní is lór do chumhachtaibh aige do sheasamh a ghloire fein. 152. Creud ata se do chomharrughadh le fhocal an’éda? Ata nach fédand sé fear comhchothruim no comhchomaind d’fhulang do bheth aige: oír amhail do thioghlaic sé é fein dúinn da mhaitheas neamhchriochnaighthe js amhlaidh sin is ail [TD 40] les gurab les fein sinde go huilidhe, & js é so gloine, & geanmnaidhacht ar n’anmand; a mbeth glan coisreaca dhosan, & ag leanmhuin ris, amhail aderear arís asalchadh le hadhaltras, an tan tegdis ar seachran uaidhe, & do bhérdis cúl ris go hiodholacht diabhlaigh. 153. Cia an seadh le ndubhradh so a bheth ag dioghailt ajngidheachta na naithreach ar ag gcloind? Do chur barr eagla jondaind, ata sé ag bagar go ngébhand, & go ndénand sé dioghaltus (ni he amhain) arna daoinibh fein do ní an locht, acht maille ris sin go mbed asliocht mallaighe maraon. 154. Acht an dtig sogo haontadhach ré cert Dé dioghaltus do dhénamh ar duine arbiodh ar scáth lochta dhuine ele. Da smuainmis creud é staid, & cor an cinigh dhaona; biaidh an chest fuascailte: oír atamaid vile do rér naduíre fa mhallachadh, & ni fhuil againd cuís do chur ghearain ar Día, an tan fhágbhus sè sínd isin crandcharsa: acht anois amhail ata sè ag nochtadh aghradha arna daoinibh díadha, ag beandachadh asleachta: js amhlaidh sin ata sé ag imirt dioghaltais arna daoinibh aingidhe ag díthughadh a gcloinde fan mbheandachadhsa. 155. Lean romhad? Do chum go dtairnge sè sind le mhaitheas gradhach chuige fein ata sè agealladh go ngnathaidheand sé trocaire gus an mhíle genealach ar [TD 41] an’vile aga bfhuil aghradh; agas ata a coimhed a aitheantadh. 156. An bhfuil sé ag tuigse go mbiaidh nemhcbiontaighe dhuine dhiadha jna shlanughadh da uile shliocht gidh aingidhe iad? Ni bfuil choidhche, acht ar an gcorsa: go ndoirteand sé amhaitheas fein go soich sin arna daoinib díadha, jondas go dtabhair sé é fein lan do mhaitheas da sliocht maraon ar a scáthson; nj he amhain acur a necheadh ar an’aghaidh, & ar bpiseach an mhéd bheanas risan mbeathaidhse do lathair, ach maille ris sin ag naomhadh an’anmand, jondas gurab fhèdir an’áireamh jna thréd fein. 157. Acht ni fhaicthear so do bheth do ghnáth? Admhuim: oír ata sé a congmhail anechse saor aige fein, aghon go bfhéd sé é fein do thaisbeanadh go trocaireach an vair is ail les, do chloind na daoine aingidhe, is amhlaidh sin nir cheanhgail sé aghrás comhór le cloind na ndaoine ndíadha, jondas, nach bhfédadh sé an lion dibh is ail les do thelgean vaidhe do rér amhian, & álgais fein, gidheadh ata sé aga themperadh, & aga shuidhiughadh so ar mhodh, jondas gurab fhollus gan an gealladh do bheth meallta no brégach. 158. Creud fa bhfuil se and so ag ainmiughadh na gcéd ngenealach, & gan é a ndamnaidh na péne ag jomradh, acht trí, no ceathair d’enchuid? [TD 42] Dha chur agcéll gurob mo ata sé fein teand vllamh go daonacht, & go sémhuidheacht, jno go gairbhe, & go cruas, amhail ata sé ag ragha; abheth fein sochoireach ro vrasa do thabhairt-mhaitheamhnais vaidhe, ach lesg ro mhall do chum ferge. DOMH. 25. 159. TEgeam anois gus an treas aithne? Na tabhair ainm IEHOVAH do Dhía go diomhaoineach. 160. Creud is seadh dona foclaibhse? Ata se a cronughadh sind do mhichleachtadh anma DE ni he amhain le hethach, ach fós le lughadh gan fhedhm. 161. Maseadh an bhfuil gnáthughadh ar bíoth laghamhaill ad tabhairt anma Dé mar mhionda. Ata cheana: an tan do bhearar é a hadhbhar cneasda, aghon, do dhaingniughadh, & do sheasamh na fírrinde: ina dhiaidh so an tan bhías an tsuímse ag an ghnomhughadh; jondas gurab cneasda miond do thahhairt do chum ghradha, & tsiothchana jásachtaighe coinghiollaighe do chumhdach a measg daoine. 162. Ané nach faide téd si jno do bhacadh mhíond le bprofánar, & le salchar ainm Dé, no le loigheadaighthear a onoir? Ar gcur én ghné lughaidh siós, ata sé ag tabhairt rabhaidh generalta dhuinn, gan ainm DE dothabhairt feasta go follus lind, ach le heagla, & le humhla, & gus an gcríchsin, jondas gomadh ler go glóireamhail é: oír an mhéd go [TD 43] bhfuil ainmson naomhtha dlighear dhínne a bheth arar bhfaicil ar gach én mhodh suil dhearnam tarcaisne air, no suil do bhéram adhbhar tarcaisne do dhaoinibh ele. 163. Ciondas do nithear so? Mase nach smuaineam, & nach laibheoram jna thimchiol fein, na adtimchiol a oibrigheadh ar mhodh ele, ach do chum aghlóireson. 164. Creud leanas Bagar, le n’abair sé nach biáidh an tí ghnáthuigheas a ainm go diomhaoin nemhchiontach. 165. An mhéd go bhfuil sé ag labhairt a n’áit ele go ndenadh sé dioghaltus ar lucht briste a lagha, creud chondajmhthear do bharr and so? Do b’ail les achur agcèll les sin méd spese ghloire anma fein, do chum go madh curamaidhe bheam jna thimchiol an tan do chithfeam dioghaltas do bheth ullamh da mbriseadh aoneoch í. DOMH. 26. 166. TEagam gus an ceathrughadh aithne? Cuimhnigh lá na Sabboite, jondas go naomhtha tú é: oibrigh re sé laithibh, & dén hujle shaothar, acht is se an seachtmhadh lá Sabboite Iehouah do Dhía, na dénse saothar ar bith and, na dénadh do mhac, no hinghin, no hóglaoch, no do bhanóglach, no hainmhidhe, no an coigcrioch bheas don taobh istoigh dod ghetaibh: oír re sé laithibh do rinde Iehovah fein, neamh, & talamh, an muir, & an’uile ata janta, acht isin tsheachtmhadh lásin do ghabh [TD 44] sé fos: ar sin do bheandaigh Iehouah lá na Sabboite, & do naomh sé é. 167. An bhfuil sé ag jarraidh oibriughadh re sé laithibh, jondas gongabhmjs tamh an seachtmhadh la? Ni bhfuil go huilidhe, acht ag légean shé lajtheadh d’oibrighibh dhaoine, ata sé ag breth an tseachtmhadh lá asda do bheth ordaighthe do chum támha. 168. An bhfuil sé ag toirmeasg gach én tshaothar dhuinne. Ata ag an aithnese seadh áiridhe ar leth an mhèd gurab cuid dona sean ceremoneadhaibh coimhéd an támha no an fhosa; ar sin do cuireadh ar gcúl é le teacht Chriosd. 169. Ané go bhfuil tú aga ragha gurab ris na hjudanaib go hairidhe bheanas an aithnese & vime sin gurabudh temporarrdha no sealaigheach é dhen chuid? Ata umaro; an mhed gurab Ceremonialta í. 170. Creud maseadh ané nach bhfuil maoin do bharr ar an tcheremonia fuithe? Ata cheana: oír is ar trí hadhbharaibh chugadh a mach í. 171. Tabhair & jndis damh iad? D’fioghrughadh an támha Spioradalta do choimhed Politia, no ordaighthe oirrdherce na heaglaise: dfiondfhuarughadh, & dedtromughadh teasa, & thromdhachta na serbhonatadh. 172. Creud ata tú do thuigse trés an támh Spioradalta? [TD 45] Tuigim gurab vime, thamhmaid o’r n’oibrighibh airidhe fein, jondas go gcriochnaigheadh Día a oibrighthe fein jondaind. 173. Ach Cía he modh an támasa? Mase go gcésam ar bfeoil fein; aghon, mase go dtabhram thairis ar n’indtleacht, jondas go nguibhernoraighthe sind le Spiorad Dé. 174. Ané fós gurab lór sin do dhenamh gach seachtmhadh lá go chele? Ni lór ach do ghnath: oír O do thiondsgeonamaois én uair, is égin, & is jondula dhuínn ar ar n’aghaidh ré huile chúrsa, & fheadh ar mbeathadh. 175. Maseadh creud as a bfuil lá beachth no sondraghach ar na ordughadh do signjughadh, & do chomharrdhughadh a’nechsin mheras duínne rer n’vile bheathaidh? Ni hegin ar mhodh ar biodh an fhíorinde do theacht le chéle, & an fiogharr is in vile masé go dtegaid re chéle a bponcaibh égin. 176. Ach creud as a bfuil an seachtmhadh la arna ordughadh, & arna roimhscriobhadh ni is mó, jna gach lá ele? Ata an vimhirse a comharr ughadh foirfeachta jsin Scrioptur: ar an adhbhar sin ata sî vllamh aibel do shigniughadh a’nethe mheras do ghnáth, ata sí agnochtadh maraon nach fhuil an támh Spioradaltasa, acht arna thiondsgnadh isin mbeathaidhse d’én chuid, & nach bíaidh se foirfe, suil go dtégheam jmerge as an domhansa. DOMHNAC. 27. [TD 46] 177. ACh creud is seadh dhóso; an tighearna do bheth ag’ar n’aslach do ghabhail támha le esiomlair fein. Is ail les: ar gcur chríche dhó ar chruthughadh an domhain taobh istoigh do shé laithibh gur ordaidh, & gur choisric se an seachtmhaidh lá d’amharc a oibrigheadh fein, & d’ar mbrodadh & d’ar sporadh nj bhudh ghére go soich ní-se, ata sé acur a esiomlara fein f’ar gcomhair: Oir ni comhór js jn jorrtha dhúnn ní ar bioth, ina ar mbeth fein ar ar bfoirmeadh & ar ar ndeanamh do rér afhioghrachson. 178. Acht ané nach dlightheach smuaineadh oibrigheadh Dé do bheth dho ghnáth, ino abfoghnand as gach seachtmhadh lá ar bioth én lá do bheth arna ordughadh dhósan? Is jomchubhaidh go dejmhin ar gcleachtaidhne gach én lá jna n’amharcson, gidheadh ata ar scath ar na’nmhfaindhe énlá áiridhe ar na ordughadh; & is sé so an politia aghon, an t’ordughadh oirrdherce adubhras. 179. Maseadh cía an t’ordughadh ata ré choimhéd an lá sin? An pobal do chruindjughadh, & do dhul agceand a chele désteacht theagaisg Chriord, do mhencughadh urrnaidhe coitchinde, & do nochtadh admhala agcredeamh go follus. 180. Mínigh anois aní adubhras gurb’ail le Dia féchain ro láimh ar edtromughadh na serbhantadh les a na’ithnese? Do bhail gan amharos; jondas go dtabharth- [TD 47] aoi méd egin d’fuasgladh dona daoinibh ata fa chomas, & chumacht dhaoine ele: ata tabhacht ánd so maraon do chondmhail ar buil na politia; aghon, an’ordaighthe choitchind: oir, abhail agcomhairdhuighthe ar énlá don tamh, is amhlaidh sin ghnáthaigheas gach én duine e fein an chuid ele don’aimsir. 181. Fecham anois ca fad bheanas an’aithnese rind? An mhed beanas ris an tceremonia ar son go raibhe fírinde ag Criosd, aderim gar cuireadh argcúl e. 182. Cíondas? Ar son, umaro, go bfuil ar sean dhuinene; aghon, an pecadh aga chesadh le briogh a bháis, & go bfuilmid arar dtógbhail do chum naoidhacht bheathadh le esérghson. 183. Meseadh creud ata d’fhuighleach dhuinne as an aithnese? Ata, gan sind do dhénamh suairighe notaircaisne arna hordaigheadhibh naomhtha bheanas re politía na heaglaise, & go spesialta sind do chleachtadh na gcoimthionol naomhtha go menic; d’ésteacht fhocail Dé, d’foillseochadh na neitheadh ndiamhair secreteacha, do dhénamh urrnaidhe sollumhonta no coitchind, amhail ordaighthear jád, 184. Acht ané nach bfuil maoin do bhàrr dhuinne isin fhioghair? Ata cheana: oir is jontuctha í do chum afhirrinde fein, jondas (ar mbeth duínne arar n’im- [TD 48] padh, no arar ngrafadh agcorp Chriosd, & arar ndenamh inar mballadh dô) go scuiream d’ar n’oibrighibh fein, & ar an modh sin go dhtoirbheeram sind fein d’ar nguibhernoracht le Dia. DOMHNAC. 28. 185. ERghéam thairis gus an dara tabhail? Is é a tosach, onoraigh t’athair, & do Mhathair. 186. C’reud chomharrdhas focal na honora and so dhuit? An chland le trostamhlacht & le humhla do bheth modhamhaill fregarach da bparentaibh jad do ghelléamhain doibh go reuerensach: agcuidjughadh ina bfedhm: & asaothar fein do thabhairt doibh: oír condaimhthear les na trí ballaibhse an onoir dhleaghthear dona parentaibh. 187. Erig romhad go luath? Ata gealladh arna chur ris a’naithne, do chum go bfaideobhthaoi do láidhe ar talmhain, ata an tigearna do Dhia fein da dabhairt duit. 188. C’ía is seadh dho so? Go mbéd anlion do bher, onoir dhligheach da bparentaibh fada béo tré thioghlacadh DE. 189. Ar mbeth don bheathaidhese arna lionadh le hiomarcaidh truaighe; creud as a bfuil Dia on’aít & ar scath deaghthioghlaice a gealladh a fadmarthana dhúine? Da mhéd truaighe re bfuil sí ceangailte: gidheadh is beandachadh DE í dona daoinibh cre- [TD 49] deamhnach, muna bheth ach fa n’én adhbharsa, aghon, gurab comhairdha afhobhair aithreamhailsan, & an gcén atá se aga mbeathugadh, & aga gcoimhéd isin domhansa. 190. An lean go contrardha dho sin a’neoch do bhearar go prap do bhárr an domhainse re n’áois bhfoirfe do bheth mallaighthe? Ni leanand choidhche: acht is mó teagmhas vair égin, jondas dha mhéd do bharr ghradha bheas ag Día ar neoch, gurab luaithide do bearar as an mbeathaidhse é. 191. Acht ag dénamh mar sin dó; ciondas choimhlionas se ghealladh? Gach en dona maithibh talmhaidhe ata Día dho ghealladh dhúinn; is cneasda ngabhail ar an gcnndradhsa; an mhéd is tarbhach do mhaith, & do shlanughadh ar n’anma é: óir do budh neamh nadúrdha an tordughadh munab é cor, & cúram an’anma do ghébhadh an céd aít, & do reachadh ar tosach. 192. Creud ader tú adtimchiol an lion bheas esumhal da bparentaibh? Go gciontaighear and sin jád ni he amhain isin bhreatheamhnas degheanach ach go ngebhand Dia dioghaltus ar an gcorpaibh isin saoghalsa maraon aga mhbreth vile a meadhon bhladha na haois oig as measg dhaoine no aga mbhualadh le gné scandalaidh bhais jno ar thoraibh ele. 193. Acht nach adtimchiol talmhan Chanaan ata an gealladh ag labhairt go hainmidhe? Is amhlaidh sin, an mhéd bheanas ris na Hi- [TD 50] sraeliteathaibh: acht is lethne jna sin fhoscailtear dhúinne an focalsa, & dhleaghar ashineadh amach ni is siadh: óir ge bé ar biodh rand no duthaigh aitreabham; an méd gurab le DIA an cruinde vile, ata se aga thabhairt, & a ga chomharrdhughadh dhuinne re shealbhughadh. 194. An bfuil maoin do bhárr d’fuighleach do n’aithnese? Gen go bfuilid na focail ag fuadhmughadh, ach adtimchiol an athar agas na mathair, gidheadh ataid an vile ata ós ar gciond re dtuigse an mhéd gurb jonand agcor. 195. Cia é sin? An mhéd gur thoigaibh DIA jad go grádh no go cém onora is aird íno an chuid ele: óir ni bfuil ughdarus Parentadh, no Phriondsadh no fos Imperdheacht, no onoir acht o dhecreit comhairle & ordaidh Dé, an mhéd gurab amhlaidh sin is toileamhail les an domhan d’ordughadh. DOMHNAC. 29. 196. AIthris an seaseamh aithne? Na dén marbhadh. 197. Ane noch bfuil se ag bacadh nethe ele; ach marbmhadh do dhénam? Ata cheana: an mhéd go bfuil DIA ag labhairt and so, ni bfuil se ag indis sin, & a cur lagha ris na hoibhrighthibh amuigh amhain, ach maill ris sin re smuaineadhaibh an Chroidhe, & na hindtinde, & ni is mó go mór riu so. 198. Do chiothear do bhethse ag bcagnachtadh and so bfuil gné égin mairbthe Diamhair and [TD 51] O bfuil Dia agar ngairm t’ar air n’ais and so? Is amhlaidh sin ata: óir breathnaighear fearg, fuath, & gach aon mhián chiorraighe jna mharbhadh abfiadhnaise DE. 199. Ané gurab lór do niam; mase nach biadh fuath agind ar dhuine ar biodh? Ni lor choidhche: oir ata an tighearna le damnadh suthain, & miosgaise, & ler bfuadach ogach pughar ar biodh le gciorrthar ar gcomairsoin ag nochtadh araón go bfuil se aga jaraidh so, sind ghradhughadh gach vile dhuine ler croidhe, & do dhenámh stuider fa n’anacul, & fa gcomhéd go fiorindeach. 200. Anois teagam gus an seachtmhadh aithne? Na’déna siurtaidheacht. 201. Foillsigh cia asuím? Go bfuil, umrro, gach vile shiurtaidheacht mallaidh abfiadhnaise DE: vime sin; muna baillind fearg DE do ghreandughadh inar n’aghuidh, & alán do thabhairt fuind; gurab jonchondaimhthe & jonsheachanta dhuínne sind fein go dícheallach vaithe. 202. Ane nach bfuil sí ag iaraidh maoine do bhárr? Is jon amhairc do ghnáth naduír fhir thabhrtha an lagha amach, neoch nach amhairceand, & nach anand amhain, amhail adubhras ar an obair amuigh, acht is mó ata tulare aige ar dhoimhne, & ar mhianaibh an chroidhe. 203. Cred masedh cbomhchongmhas si do bárr? O ataid ar gcuirp, & ar n’anmanda jna dteam- [TD 52] pluibh don Spiorad Naomh, sind do thabhairt naomhgloine dhoibh araon: & ar an’adbharsin ar mbeth ni he amain náireach le seachna an vilc amhuigh, ach maille ris sin gurab egin dhuínne ler gcroidhe ler bhfoclaibh, le hamhailibh, & le gniomharrthaibh ar gcuirp maráon abheth naomhtha, fadheoidh ar gcuirp do bheth glan on’vile lasan, & bhraise ar nanam ogach vile mhian, jondas nach biadh cuid ar biodh dhínne arna shalchadh le salchar mínaire. DOMHNACH. 30. 20.4 Tégam gus anochtmhadh aithne Na déna goid. 205. Ane nach fhuil sí acht ag bacadh merle amhain, neoch ata ar chiontughadh le lagha daona, jno an bfuil sí ag dul ara haghaidh agas ag rochtain nj is faide? Ata sí acomhcongmhail fa ainm gadoidheacht droch cherde, aghon, gach vile ghne mhealta, & timchiollaighe le selgeam, & le ngabham maith, & maoine dháoine ele: maseadh atamaid ar ar dtoirmeasg and so comhmhaith lingeas arégin ar maoine ar gcomarson, & a’mbreath arégin & lámh do sháthadh jonta tre ghâois, & tre mhealtaracht no aidherbe do thabhairt ar bhreth orra ar mhodhaibh lúbach arbioth. 206. Ane gurab lór na lámha do chondmhail tar anais O dhénamh vile ino an bfuil antsaint ar na dhamhadh maraon and so? Is iontillidh do ghnáth chuig so, os spiordalta fer thabhartha an lagha amach nach ar ail [TD 53] es merle amuigh amhain do chosg, ach maille ris sin an’vile chomhairle, & stuider do ní neamhtharbha dháoine ele ar modh ar biodh: & os an’vile an tsaint fein gan sind do shantughadh dul asaibhreas tre dhioghbhail ar mbrathreacha. 207. Creud maseadh ata againn re dhénamh as go bfeudmaid umhalughadh do n’aithnese? Ata saothar do chaitheamh do chum gach én-neoch dfaghail ashlainte fein. 208. Creud í a’naomhadh aithne? Na dên fiadhnaise bhrége an’aghadidh do chomharson. 209. An bfuil se acronughadh éthigh do thabhairt abfiadhnaise bretheamhain amhain, no go ge neralta bréug do dhénam an’aghaidhar gcomharson? An’én ghné ata teagasg gheneralta arna chomhchongmhal, gan sind do mhealladh ar gcomharson go brégach, no gan sind do chiorrthadh ambladha ler ndroch raitibh, & ithiomragh, no gan sind do thabhairt ghairtighe ar biodh dhó jna mhaoinibh. 210. Acht creud as abfuil se go hainmighthe ag nochtadh; ethigh choitchind? Do chum gomadh moide do chuirfeadh sé d’eagla an lochtasa jondaind: oir ata se ag nochtadh; da’gcleachtadh neoch ar biodh dhroch-ráiteachus & mhealtoracht gurab sothuitimeach é as sin go hetheach, da bfaghar âm do thabairt scandaile da chomharson. 211. Ane is aile les sind do bhacadh o droch raiteachas amhain jna bfuil sé agar mbac- [TD 54] adh ó dhroch amhairsibh, agas ó bhreatheamhnasaibh clethe neamhchearta maraon? Ata se aga dhamnadh and so araon do reir an ráison tugadh roimhe do dhearbhadh an adhbhairse fein: oír a’ní is olc re dhenamh abfiadhnaise daoine, is olc é re shantughadh abfiadnaise DE maraon. 212. Maseadh cuir siós creud do b’ail les go generalta? Ata se agar mbacadh do bheth teand, no, vllamh do breathnugh go holc adtimchiol ar gcomharson, no da scandalughadh: ach is mó ata se ag jaraidh oraind an chertuse, & na daonachta do bheth jondaind, jondas go mbreathnaigheam na dtimchiol san go maith an mheud dfuilngeas an fiorinde, & sind do choimhed ambladha go dîcheallach jomshlan doibh. DOMHNAC. 31. 213. AIthris an aithne dhegheanach? Na santaigh teagh do chomharson, na santaigh mnaói do chomharsoin, no chamhal no, bhanóglóach, no asall, no ní ar biodh is leson. 214. Os spiordalta an lagh vile, amhail adubhras go menic roimhe, & nach do bhacadh ná n’oibrighadh amuigh amháin ach do chertughadh thoileadh a n’anma. & an’aignidhe maraon do cureadh na haitheanta roimhe; creud ata and so arna chur leo do bhárr. Do b’ail les an tighearna is na haiteantaibh ele ar dtoil, & ar smuainighe do riaghladh, & [TD 55] do dhénamh bésach: acht and so ata se ag bacadh. & a cur lagha maraon ris na smuainibh tharngeas saint egin leo: gen go dtigeand siad go comharle shuidhighthe. 215. An bfuil tu ag ragha gurab peacadh na smuainigh is lugha ar bioth eloidheas arna daoinibh credeamhnacha, & tig isteach ina ninttindoibh gidh mó do bhidis ag seasamh rín do ghnath jno ag aontughadh leo. Is follas go demhin an’uile dhroch smuaineadh, gen go dtig comhaontughadh theachta amach o locht ar naduirene chuca, & á derim an’oireadsa a mbeth arna ndamnadh les an aithnese an’uile shaint lochtach ata agluasacht, & ag brosdughadh chroidhe an duine, gen go rotharngdis é go toil daingain shuidhighthe. 216. Maseadh ata tu ag tuigse go demhin gur bhacadh go soich so na hanmiana le ngabhand daoine fos, & faoi bfuilngid jad fein do cbur: acht anois go bfuil foirfeacht comhghér arna jarraidh oraind. jondas nach bfedis ar gcroidheadh droch shaint ar biodh do légean orra no do gabhoil chuca; le mbrosdar, & le sporthar jad do chum peacaidh? Is amhlaidh sin ata. 217. Aithris as a chéle na dech aitheanta amhail do labhair Dia and sa bhfithcheadadh Caipghidil do leabhar Exoduis? EIST a’Israel, Is meis; do Thigherna Día, do thréoraigh thú ó thalamh na Héghiphte, a teach na searbhfoghantachda. [TD 56] 1. Na biodh aon Dia ele agad, ach meis amhain. 2. Na déun dhuit fen jomhagh, na cosmhuil aoinneith da bfuil thuás ar neamh na ar talmhain shios, na and sa n’uisge fa thalmhain: na cróm thu fén siós doibh, & na tabhair onoir dhoibh: oir as meisi do thighearna Dia, agus is Dia édmhar mé, leanas peaccaidh na Naithreadh ar an gcloind go soith an treas, & an ceathrumhadh geinealach don druing fhuathuigheas me: agus do ni trócair arna míltibh don druing ghradhaigheas mé, agas choimheúdas m’aitheanta. 3. Ná tar thar ainm do Thigherna Día go diomhaóin: Oír ní búdh neamhchiontach a bhfiaghnaisi an Tighearna, an té luáidhfeas a ainm go diomhain. 4. Cuimhnidh lá na Sabbóide do náomhadh, a sé laidhibh oibréochas tú, & do dhéuna tú hoibrighthe fein vile, achd as hé an seachdmhadh lá Sabbóid do Thighearna Día, ná déna obuir ar bioth and, tú fein, ná do mhac, na hinghean, do tshearbhfhoghantaighe, ná do bhán-oglach; hainmhidhe, ná enduine coimhightheach atá don táobh asdigh dod dhóirsibh. Oir is a sé laithaibh, do rinde an Tighearna neamh & talamh, an fháirrge & gach ní dá bhfhuil jonta, & do chomhnaigh sé an seachdmhadh lá: Ar á nadhbharsoin do beannaigh an Tighearna an seachdmhadh lá, & do náomh sé hé. 5. Tabhair onóir dod tathair & dod mháthair, chum go bhfaidéochthí do laithe ar an dtalmhuin, do bhéura do Thighearna Día dhuit. [TD 57] 6. Na déna dunmharbhadh. 7. Na déna adhaltrandas. 8. Na déna goid 9. Na deuna fiaghnaisi bhréige a naghaidh do chomharsan. 10. Na sandaigh teach do chomharsan, na sandaigh bean fphósda do chomharsan, ná a oglách, ná a bhanóglach, ná a bhó, ná a assal, na ní ar bioth oile bhus léd chomharsain. 218. Nach ceadaigheach anois aithghiorra goirrid an uile lagha do thionol maraon? Is ro cheadhaigheach; an mhéd go bfedmid athabhart go dá cheand: is sé an céd cheand sind do ghradhughadh DE o’r n’uile chroidhe, o’r n’uile anam, o’r n’uile bhrioghaibh: an dara, sind do ghaolughadh ar gcomharson mar jnd fein. 219. Creud chomhchondaimhthar faoi ghrádh ndé? Aghradhughadhson amhail is jomchubhaidh Día do ghradhughadh: aghon, a aithne araon jna thighearna, jna athair, & jna shlanaightheoir: vime sin ata grádh DE, a reuerens. a thoil do bheth umhla dô, & an mhuinighin is ion churtha and arna gcur a bfochair a chéle. 220. Creud ata tu ag tuigse tre vile chroidhe, uile anam uile bhriogh? An teand & an teas serce sin & ghradha do bheth jondaind, jondas nach biodh áit jondaind ar chor ar bioth do smuaineadhaibh, do mhianaibh, no do stuideraibh, dho fhedfadh cur an’aghaidh an ghrádhasa. [TD 58] DOMHNAC. 32. 221. CIA seadh an dara cuid? Amhail atamaid do naduir coimhtheand, comhrighthe d’ar nghradhughadh fein, jondas go rachadh ag an nghradhsa ar gach grádh ar bioth: ar an gcor gcedna is cubhaidh grádh ar gcomharson do bheth amhlaidh agabhail vachtaranachta jondaind, jondas go nguibhernoiraigheadh se sind ar gach uile thaobh, & go mbiadh se jna riaghail an’uile comhairle, & gniomhdha againd. 222. Creud chomharrdheas ainm an gcomarson duit? Signighidh & comharrghidh sé ni he amhain cindeaghaigh, & cairde no daoine ata arna gcur abfochar achele, & sin le comand no companas égin, ach maille ris sin na daoine nach aithnidh dhuínn & fós do bhárr ar n’asgairde. 223. Ach creud an comand ata aca maille rind? Ata; umaro; go bfuilid arna gcur abfocair achéle, & sind les an tsnaidhinsin, ler comhshnaidhim Día an vile ghné dhaoine abfochair achéle, & ata an chomhshnaidhm sin naomhtha nemhionbhriste neoch nach fhédir le holcmareacht dhuine ar bioth do chur ar gcúl: no as. 224. Ader tu maseadh da raibh fuath ag duine oraind gurab ní airidh les fén sin, gidheadh nach loighide anas se jna chomharson duinn, sin, ach gurab in bhethe dhuínn againd é isin ait sin: do bhriogh gur b’egin ordughadh DE do sheasamh gan bhriseadh le ndiongantar an cean- [TD 59] gal & a comhchur maraonsa jnar measg? Is amhluidh sin ata. 225. O ata an lagh ag nochtadh mhodha onoraighe Dé go hiomchubhaidh: nach jndénta ar mbeathaine do chaitheamh ag teacht adtír do rér aroimhscriobhadhson? Is fior gurab jndénta go demhin acht ata an anmhfaind sin isin uile jondas nach gcriochnaigheand én duine aní dhligheas se. 226. Creud maseadh as an’jarraind Dia oraind an’foirfeacht ata osciond ar gcumhacht? Ni bfuil se ag jarraidh no ag teandadh neth ar biodh oraind; nach bfuilmid ceangailte re dhiol: tuilleadh ele mase go dtairgheammain an’fhoirm do theacht adtír ata arna roimhsriobhadh, & arna chur romhaind and so do rochtain, gidh dho bhimis abfad or gcuspoir: aghon, o fhoirfheacht, ata an tighearna ag maitheamh a neth ata vaind, & d’uireasbhuidh oraind. 227. Ina dtimchiol na n’uile dhaóine go generalta, jna dtimchiol na ndaoine gcredeamhnacha dhenchuid ata se ag labhairt? Aneoch nar hathnaoidheadh fos le Spiorad DE ni bhia se aibel (más beag) do thiondsgna an phoinc is ro lugha isin lagh: do bhárr ar so mase go dtiobhram no go ndeonaigheam go bfaighthaoi neoch ar biodh, do fhédfadh abheth umhal don lagh a gcuid egin: gidheadh ni bhreathnaighmid ar an adhbharsin gur coimhlion se é abfiadhnaise DE: oir ader sé go follus an’uile dhuine do bheth mallaighthe nac gcoi- [TD 60] lionadh an’uile ata arna gcomchongmhail and. DOMH. 33. 228. IS follus & is jnbhreaghnaighthe as so amhail ataid dá gné dhaoine and gurab amhlaidh sin ata oifice an lagha dúpalta? Is jnbhreaghnaighthe choidhche: oir ni fhuil se ag dénamh réd ele abfocharr na nemhchredeamhnacha ach ag roimhiadhaidh orra, & ag breath nadh gach uile lethsgél abhfiadhnaise DE (& is se so aní comharradheas Pól, an tan ghoireas se dhe ministreacht an bhaís & a n’damnaidh) ach ata chlaochlodh sin do tharbha & do bhriogh aige dona daoinibh credeamhnach. 229. Cia hé sin? Ar tús an gcen foghlumas siad; nach bfedfaid fein fírentacht d’faghail le hoibrighibh; ataid arna dteagasg go humla ar an gcorsa, neoch is fír roimhullmhughadh, & dheasughadh d’iarraidh slanaighe agCriosd: ina dhiaidh so an mhéd go bfuil se ag jarraidh agas ag teandadh abharr go mór orra tar anní fhédas iad do dhénamh, & do dhíol, ata, se, aga, mbrosdughadh d’iarraidh bhriogha & nerta ar an tigearna, & ata se ag tabhairt rabhaidh doibh maraon dtimichiol an ghnáth pheacaidh, suil, bhiadh do chroidhe aca ambeth uaibhreach: fadheoidh ata se amhail shrian doibh le gcondaimhthear jad an’eagla Dé. 230. Maseadh gen gó bfuilmid acomhéd, & ag freagra an lagha feast isin fhogra no isin deoruidheacht thalmhaidhse; gidheadh ni bhreathnaigheam gur fholamh, no gur dhiomhaoin a- [TD 61] níse, an mhéd go bfuil se ag jarraidh oraind achoimhtheand sin d’foirfheacht: oir ata se ag nochtadh dhuín na harmaise, gus ar binsheólta dhuínn ar gcúimse, & an cuspoir arar coír dhúinn telgean, jondas go dtairgeadh gach aon dínn abheatha do chaithemh do rér mhiosuir an ghras tugadh dhó go soich ro ardhérghe, & go soich a’neamheasbhuidh, ata an lagh d’iarraidh, & se d’áidhearbadh dul ar aghaidh ni is mó le gnath stuider? Is amhlaidh sin thuigim. 231. Ane nach bfuil againd isin lagh riaghail an’uile jondracais? Ata go demhin riaghail chomhfhoirfe againd, and jondas nar ail le Dîa én réd ele vaind, ach sinn da leanmhuinson, & arís gomadh diomhaoin les, & go gcuireand se uaidhe gach ní ghabhmid dho lamh tar aroimhscriobhadh no aithnesan: oir ni toileamhail, ni haitneand, & ni he beatha jodhbartha ele aige, achd an’umhla, & an fhreagra. 232. Creud an chríoch maseadh da bfoghnand Airead raibhthe, aiteanta, ataigh, ataid na Phaithe, & na haphstoil da ghnáthugadh? Ni bfuilid acht jna nglanmhíniughadh an lagha, neoch g’ar gciulan, & gcar dtreorughadh ar laímh go humhla an lagha; ni is mó ina do bhéradh siad úa tar ar n’ais sind. 233. Gidheadh ni bsuil se ag aithne nethe ar bioth ddtímchiol gharma uaignighe gach aon duine fo leth? An tan ata se d’iarraidh a’nech is les gach én [TD 62] duine do thabhairt dó fein; is ullamh, & is urasa thionol as sin, cia híad cotcha, & oifice gach aoin go huaigneach jna n’ordughadh fein, & jna ghné bheathadh: & ata míniughadh, & cur sios na n’aitheanta arna craobhscaoileadh (amhail adubhradh) jn gach aon jonadh isin scriobtur: oír a’ní adubhairt, & do chondaimh an tighearna and so ag suimamhal ambeagan dfoclaibh, ata se ag leanmhuin, & aga chur sios ni is lía & ni is doirtaighe an’jonadaibh ele. ADTIMCHIOL NA GVIDHE. DOMHNAC. 34. 234. O Do dhespoireadh & o dho chomhchoilloideadh nj is lór adtimchiol an dara codach do n’onoir & don tservis diadha; neoch ata arna suidhjughadh an gcélleamhain & an úmhla. labhram anois adtimchiol an treas codach? Adubhramar gurab é sin an’eadarghuidhe, an tan do chomhthetheam chuigeson is in uile egcantus. 235. Ane go bhfuil tu ag breathnughadh gurab esean jna aonar is jn eadarghuidhthe? Atam choidbche: oír ata se aga thindiairaidh sin dò fein, amhail onoir, & sheruis aírithe adhiadhachta fein. [TD 63] 236. Mas amhlaidh sin ata an tadhbhar cia an cor len cheadaigheach daoine d’aslách do thabairt cujdjghe duínn? Is mhor adhbhal an teadardealughadh ata edir an diasa: oir an tan eadarghuidheam Dia atamaid ag fiadhnaissiughadh gan ar mbeth ag fheathamh mhaitheasa ar bjodh do thaobh ele, ach da thaobhson, & gan ar mbeth acur ar n’vile mhuinine, & chadhais a’nait ele, ach andson: gidheadh atamaid isin ámsin fein ag jairaidh gcujdighe, an mhéd légas se dhuínn, & tug se cnmhacht, & neart doibh ar gcuidiughadh. 137. Maseadh an mhéd go bfuilmid coimhthetheamh do chum cuidighe, & firínde daoine ader tú nach bacand sin maoin, jondas gomadh loighide do fédmaois en Dia dheadarghujdhe: O nach fuil ar ndóchas feast agabail fosa jonta, & nach mó achuncheam ar mhodh ele jad, acht ar son ar mbeth arna gcludach dhoibh le comas, & le neart do dhénamh mhaitheasa: gur hordaigh Dia iad ar modh égin jna ministribh adheagh thioghlaiceadh fein dhuínne, neoch is tre lamhaibh do b’ail les ar gcuidiugghadh & na conganta do chuir se adtaisge lamh riu, diairaidh tara nais duinn Is amhlaidh sin thuigim: & ar son gach deaghthioghlacadh ata maid d’fagail vadhadhson, is re Dia is coír dhuínn ambuidhe do bhreth amhail is se fein jna aonar ata aga dtabhairt vile dhuínne da ririhh tre bfreasdalson. 238. Gidheadh ane nach jn bhrethe abhuidhe re daoinibh coimhmenic do dhendaois maóin do shao- [TD 64] thar dhuínn: oir ata cothrum, &, ceart ua naduire, & lagh na daonachta aga dheachtadh so dhuínn? Is coir & is in thabhartha bhuidheachas doibh ar gach aon mhodh; muna abheth acht ar son an’en adbhair se, gurab fhiu, & gurab airidhe le DIA jad ar an onoirse, aghon, na maitheasa shîleas, & shnidheas as tobar edtraidhtheach O aoinighsin tre laimhaibhsin amhail: tsruthain tre thuiraidhe do tharraing chugaind oir ata se ar an gcorsa ag’ar gceangal ríu, & is ail les sinde d’aithne aneach sin fein ar an adhbhar sin antí nach fhuil aga thabhairt fein buidheach do dhaoinibh; ata se ag nochtadh a nembhuidhechais maraon ar an modhsa do Dhia. 139. Ane nach ceadaigheach athionol as so gurab egcneasta eadarguidhthear ajngle no naomhsherbhontadha an tighearna do jmirighidh as an mbeathaidhse? Is ceadaigheach: oir nir dhiuraigh, & nir thug Dia na cotchasa do dhaoinibh diadha, jondas go bfédis cuidiughadh linde: & an mhéd bheanas ris na hainglibh, ge ata se acleachtadh ashaothar d’ar slanughadhne, gidheadh nj hail les an’edarghuidhe lind. 140. Maseadh ader tu gach ni nach fhuil go des, & go haontadhach ag teacht les an ordughadh, & ris an statuid do rindheadh le Dia, a bheth acathughadh an’aghaidh athoile? Adirim marsin: oir is comharrtha dearbh neamhdhochais, & nemhchredimh gan abheth to- [TD 65] ileamail les na nethibhsin ata an tigearna da thabhairt dhnínn jna dhiaidh sin mase go mbearam sind fein go muinighin naomh, no Aingeal, abhail bfuil Dia ag’ar n’gairm chuige jna aonar, mase go dtiobhram thairis cuid égin don dóchas sin do dhligh anmhuin, & suidhe vile an Dia amhain, atamaid ag faidshleamhnughadh, & ag tuitim síos an’iodholacht, an tan, vmaro; roindfeam eatoirason a’ní do bhi Dia da bhreth chuige fein go hairidhe. DOMH. 35. 241. ANois lábhram, & laimhaigheam adtimchiol modha gudhe do dhénamh, an bfoghnand an teanga do chum guidhe do dhénamh; no an bhfuil an virnaidh ag a jarraidh na hindtine, & an chroidhe maraon. Ni fhuil go demhin an teanga egeantach do dhénamh guidhe do gnáth, gidheadh ni fhédand an’orrtha no an ghuidhe fhírindeach, tuigse & grádh an chroidhe do bheth vaithe feasta. 242. Cia an argument le ndearbhand tu so dhamh? An mhéd gurab Spiorad Dia go demhin; ata se ag tindiarraidh an chroidhe do ghnáth ar dhaoinibh ós anvile ní, ach go hairidhe isin virnaidhe, neoch le gcomhpártaigheand siad ris an nethe is mian leo: ar an adhbharsin ni bfuil se agealladh abheth fein angoire, ach don lion do ni eadarghuidhe abfirinde: & go contrarrtha ata se ag mallachadh an’vile, ata tre chélg, & nach ó gcroidhe da ghuidhe. 243. Maseadh biaidh an virnaide aimide- [TD 66] ach & gan spése no do tharbha, gebe ar biod, do nithear, no do choimprear leas an teangaidh dhénchuid? Ni he sin amhain, ach do nid aneamhthoil, & ne amhthaidhneamh rís go romhór. 244. Maseadh creud an taigneadh, & anindtind iarras Dia re n’virnaidhe? Ar tús sind do mhothughadh ar n’aimirt ar mbochtain, & ar dtruaighe fein, & an mothughadh sin do ghineamhain, & d’oibriughadh dhoil gheas, & bhróin inar nindtindibh: ina dhiaidh sin sind d’fadodh & do lasadh le teandshaint admhail do riribh d’faghail fhobair, & grasa O Dhia, aní do fhédfadh fos teas, & ro shaint guidhe d’fadodh jondaind. 245. Inó intleacht nadurdha no duithche shruthsnidhesh an tsaint no an taigneadhsa, ino ghrás DE tig se chuca? Is egin Dia dar gcuidiughadh andso: oir atamaid fein uile aimhgher neamhthuigseach chuca araon: is se Spiorad DE ata ag dùsgadh osnaighe neamhindsineach jondaind, &, ata ag foirineadh ar n’aigneadh gus an tsaintse, neoch (amhail ader Pól) ata arna iarraidh isin uirnadhe. 246. In gus an gcrísce fhoghnas na teagaisgse; aghon; sind do bheth inar dtámh, & ag dul alesge armodh egin: ag fetheam arbrosduhhadh an Spiorad naomh, & gan ao’neoch do bros dughadh fein do dhénamh virnaidhe. Ni headh choidhche: acht is mo is í so an chríoch; antan modhuighéas na daoine credeamhnach iad fein ag fuarughadh, & leasg, & ni is [TD 67] neamhullamha do dhénamh guidhe go maith, ino do b’in bheth dhoibh, iad do choimhriodh, & do coimthetheadh go DIA an tighearna d’iarraidh air alasadh le bearraibh teanneamhla a Spiorads fein, da ndenamh aibel do chum guidhe. 247. Gideah ni bfuil tu ag tuigse gan tabhacht arbioth do bheth ísin dteangaidh do dénamh uirnaideh? Ni thuigim choidhche: oir ata si ina cuidiughadh go minic do thógbhail, & do chondmhail an’aighaidh, jondas nach dtairngnaidhe é go re o DHIA: tuilleadh elé os d’foillsiughadh ghloire DE do chruthaighadh í os na ballaibh ele, is cneasda ahuile neart, & chumhacht, d’foscladh, & do scaoileadh do chum an ghnathaidhse: do bhárr ar so, do bherméd, & adbhaile stuider uaire égin an duine go soich so, jondas go mhriseand an teanga amach an’guidh t’ar acomairle. 248. Mas amhlaidh sin ata: creud an tarbha do nid na daoine, ata ag dénamh uirnaidhe dteangaidh allamhartha ainmhfheasaigh dhoibh fén? Ni bfuil achlaodhchladh and sin, ach fochaidmhe do dhénamh ar Día: uimesin tabhradh na criosdaidhe drúim ris angcelgse. DOMHNAC. 36. 249. AN tan do njmid guidhe in do thegeamhadh no amhantuir, do nimid í, ainmhfheasach adtimchiol abala, na creud tig dhí, jn’anengin duínn sin do bheth go démhin jna dhearbh shuidhe againd: go n’estéar sind les an tighearna? [TD 68] Biodh so jna ghnáth fhundament uirnaidhe, go n’éstear les an tighearna sind, & go bfaghmaois gach ní dha n’iarram: an mhéd is maith, & is tarbhach dhuín: is ar an modhsa ata Pól ag teagasg; gurab ón gcredeamh shileas, & shruthas ceart eadarghuidhe ndé: oir ni eadarghuidheand éneoch feast é: ach antí ghabhas fós ar tús an dóchas daingean amhaitheson. 250. Creud maseadh theagmhas don mhuintir; ata ag dénamh ga hamharseach, nach bfuil agsuidhjughadh jna n’indtindibh, creud ghnodhaighidh no crend an tarbha do ghebhid re n’uirnaidhe do dhénamh: & fos ataid ainmhfeasach an’estear, jno nach éster an’uirnaighe le Dia? Ataid an’uirnaidhe aimideach diomhaoin, an mhèd nach bfuilid arna gcondmhail an’airde le gealladh ar bioth: oir ata aithne arna tabhairt duínne jarraidh le credeamh daingean, & ata gealladh arna chur les, go dtabharthar dhuínn, gach ní d’iarmaid a credeamh amhain. 251. Maseadh ata d’fuighleach sind d’fechain cia O dtig an’oireadsa do dhóchas, & do dhánacht chugaind, jondas ar mbeth dhuínn ar mhodhaibh jomdha nemhdhiongmhalta abfiadhnaise Dé; gidheadh go mbiadh do chroidhe againd sind fein do thaisbeanaidh jna shealladh? Ar tús ataid gealladh againd le nab inearbtha dhuínn air legean fa lár, & air bfagmhail ar ndiongmhaltacht fein jn’ar ndhiaidh: jna dhiaidh sin, mas sind cland DE, ata a Spiorad agar n’anmughadh, & ag’ar mbrostughadh gana [TD 69] bheth an’amharus ar biodh duínn sind fein do bhreth go companta caibhneasach chuige, amhail go soich ar n’athair: & suil (tríd go bfnilmid jnar mbiastibh, & arar múchadh le tuigse ar bpeacadh) bhias gairbhe, & uamhana chumhacht gloireamhla oraind, ata se acur CHRIOST jna aidhne jnar gcomhair neoch ar mbeth dó ag foscladh entreasa, & dorais, nach inbethe dhuínn rochuramach fa ghrás, & fhobhar d’fhaghail. 252. Ata tu ag tuigse nach jonghuidhthe Dhia acht an’ainm Chriost jna aonar? Is amhlaidh sin thuigim: oir is amhlaidh so aitheantar dhúinn le foclaibh soillere, & ata angealladh arna chur les go ndenand se fos le aidhneas, go bfagham na nethe jairmaid. 253. Maseadh ni hinagarrtha arscáhh luath ghaire no ardain an tí ar mbeth do n’aidhnese aige dho, tig go companta go Día. & chuireas an tIosasa fa chomhair DE, & fa chomhair fein, neoch trés agcluintear é? Ni hinagartha ar mhodh ar biodh: oir an tí do ni uirnaidhe marsin, ata se mur bhudheadh agabhail, & ag deanamh uirnaidhe as a bheulson: ar mbeth feasach dhó a uirnaidhe fein do bheth arna chuidiughadh, & arna furail tré aidhneason ar an’athair. DOMH. 37. 254. LAmhaigheam anois creud dhlighid uirnaidheadha na gcredeambnach do chomhchondamhail an gcedaigheach gach ni tig inar n’aigneadh, diarraidh ar Dhiá jna an [TD 70] bfuil riaghail áiridhe re chongmhail and so? Do budh ro egcneasda an modh, no an t’ordughadh ar nanmíana fein, & breatheamhnas na feola do leanmhuin: oir is aimhghere neamhthuigsighe sind jna go bfedam creud is tarbhach dhuíun do bhreathnughadh, & ata lethéd sin do mhímhodh sainte jondaind, is egin do chosg le srian do chur riu. 255. Creud maseadh is indeanta? Ata an t’enise d’fhuigheal re dhenamh: aghon, Dîa fein do chur romham ceart fhoirm uirnaidhe do dhénam, jondas go leanam é amhain, ar mbeth ag’ar giulan dó ar laimh, & ag labhairt na bfocal romhaind. 256. Cia an riaghail do dhenamh uirnaidhe do chuir se romaind? Ata go demhin isin scriobhtur teagasg farsing, saibhir adtimchiol a’nethse go hiomdha: ach do chum go saitheadh, & go gcuireadh se comhairdha dearbtha romhaind, do rinde, & mar budheadh do dheacht se an bheag fhoirmse, le’r chomhchondaimh se go haithghear, & le dtug se go beagan do cheandaibh an ordughadh gach ní is ceadaigheach d’iairaidh ar Dhiá, & is tarbach dhúinne. 257. Aithris? Ar mbeth do CHRIOSD arna fhiafraigh le dhesciblaib; cia an modh ar ar bhindenta guidhe, do fhreagair, an tan is ail libh guidhe do dhenamh; abraidh mar so. [TD 71] AR N’atharne ata ar neamhdhaibh, goma naomhtha hainmsa, go dtí do righese, goma denta do thoilse adtalmhain mar ata ar neamh: tabhair dhuinne aniogh arn’aran laotheamhail: & maith dhuínne ar bfiacha, amhail mhaithmaidne d’ar bfécheamhnaibh: & na cíulaín ambuaireadh sind, ach saor sind ó n’olc: oir is leatsa an rioghacht, a’neart, & an ghloir gus na saoghalaibh, biodh amhluidh. 258. Do chum gomadh ferde thuigfidhe creud chomchongmhas si, roindeam í agceandaibh? Ata sé cotcha aice; da bfuilid na trí chéd chotcha agamharc ar gloir DHE dénchuid, amhail agcriche airídhe fein gan fhechain oirne: beanaidh na fuighile rinde, & rér dtarbha. 259. Maseadh ane gur bhîn iarrtha ni ar bióth ar Dia, as nach fhedar maoion do mhaith theacht chugaind? Ata sesean go demhin acomhshuidhiughadh na n’uile amhlaidh sin do rér amhaitheasa nemhchriochnaighthe fein, jondas nach rachadh no nach dtigeadh maoín do chum aghloiresan, nach biadh fallan dùinne maraon: aran adhbharfin antan naomhthar ainmsan, do ní, & do bher se go ni ompoidhear sin go naomhadh dhúinne maraon, nithiocfa aríghesan, gan sinde do bheth ar chor égin inar luchtghabala parta, & coda dhi: gidheadh an’athchuinche n’uile níse, is iniártha ghloirson amhain, iar ndul seacha & iar bhfagbhail ar dtarbha fein inar ndiaidh. 260. Maseadh do rer an teagaisge ataid [TD 72] na trí hathchuinchse arna gcur abfochair achéle, & ar dtarbhaine go demhin, gidheadh nj dhlighadh daoine aseolughadh, & andírgheadh ar cuspoir el, acht ar so, do chum go ngloirfidhe aínm Dé? Is amhlaidh sin ata: & do bharr dligidh sind anghloir sin fein DE, do bheth jna churam oraind is na trí hiarratasaibh ele maraon: gidh be ar bioth mar ataid arna n’ordughadh go haíridhe gus na nethibhsin, ata do chum ar slanaighe, & ar dtarbha fein. DOMHNAC. 38. 261. TEgheam anois go míniughadh, & go hiomfhosgladh na bfocal: & ar tús creud fa mó do bhearthar ainm an’athar do Dhia and so jna ainm ele ar bioth? O jarrthar do chum ceart mhodha guidhe dóchus sámhach daingean an choinsiasa os an’uile, ata DIA agabhail ananmasa chuige fein, ag nach fhuil maoin ac fuáidhm fiórbhlastachta, do chum jar gcrathadh, & jar bfuadach gách uile dhoilghise, & rochúraim as ar n’indtindibh go ndenadh se ar gcuireadh go companta caibhneasach chuige fein da eadarghuidhe. 262. Maseadh ane gurab dána lind; no ambiaidh achroidhe againd dul gach díreach ga Dia, mar ghnathaigheas an chland dhul do chum an’aitreadh? Is dána choidhche; & fós le dóchus fhaghala na netheadh járrmaid, ni is daingne go mór: jna téd siadson: oir amhail ata ar maighistir ag tahhairt rabhaidh; mase ar mbeth dhúínne olc [TD 73] nach fhedmaid nethe maithe do diultadh d’ar gcloind, & nach bfuileongam a ndul folamh, & nach síneam puindseon ar son arain doibh: ca mhéd an bárr maitheasa is infhethme dhúinne on’athair neamhdha, neoch fein ata (ni he amhain) romhaith, ach maille ris sin an maitheas fein. 263. Nach fedir argument do bhreth as an ainmse maraon, le bfedir a’ní adubhrais ar tús to dhearbhadh gurab air aidhneasa Chriost is égin an’uile uirrnaidhe do shuidhjughadh? Fédir go demhin go ro dhaingean: oir ni fhuilmid ag Dia an aít chloinde, acht an méd gurab sind boill Chriost. 264. Creud fa ngoireand tu do Dhia ar n’athairne go ciotchiond, ni is taosga, ino t’athair fén amhain? Fédaidh go demhin gach aon dona credeamhnachaibh a Athair fein do ghairm Dhe, acht is vime do ghnáthaigh an tighe arna an t’epithet coitchiondsa, do chum sinde do chleachtadh ghrádha do chumhdach jnar n’urrnaidhibh: d’eagla go mbiadh achùram fein ar gach aon fo-leth dés na ne’ele do dhearmad. 265. Creud is seadh don bheagchuidse ata arna chur les Día do bheth ar neamhdhaibh? Is jonand é & go ngoireand se dhe fein ardchumhachtach nemhghreamaighthe. 266. Creud fa n’abair tu sin, & cia an modh? Ar an modhsa; vmaro, atamaid ar ar dteagasg ar n’indtindeadh do thogbhail an’airde an tan eadarghuidheam é: d’eagla go smuaineam ní ar bioth feolamhail, no talmhaidh jna thimchiol: [TD 74] no go dtoimheosam le gabhail no le tuigse ar dtomhaisne é, d’eagla ar mbreathnugadh én nech vsísil duínn; gur bhail lind atharraing, go humhla, & freasdal ar dtoile fein, ach sind d’fhoghlum ni is mó amhorghalacht ghloirmharrdhason dh’onorughadh le heagla, & le reuerens, & amharc orra an’airde: is fíu, & is maith so maraon do d’húsgadh, & do dhaingneochadh ar ndóchais andson, an tan chuirthear agcell gurab esean an tighearna, & an Priondsa, ata ag riaghladh na n’uile le mhían & thoil fein. DOMHNAC. 39. 267. AIthris damh suím an chéd iarrtais? Ata an scrioptur ag tuigse tre ainm DE aneolais, & an chlú le moltar é ameasg dhaoine ar sin a tamaid aguidhe aghloiresan do dhul an’airde in gach aít, & is in vile. 268. Acht an fhédir maoin do theacht no do chur le gloír DE ino do dhul & do bhreth vaithe? Ni chindeand, & ni mhetheand sí inte fein, gidheadh athchuincheam afoillseochadh ameasg dhaoine amhail is iomchubhaidh, jondas gach ní dha ndén Dia: aghon, go dtarbharthaoi, & go bfaicthi auile oibrighthe comhghloireamhla, & ataid; jondas go ngloirfidhe é fein ar gach en chor. 269. Creud thuígeas tu isin dara hiarratus tre rioghacht Dé? Ata sí acoimhsheasamh ar dha bháll go priondsipalta: aghon, sé do riaghladh na daoine tóghtha le Spiorad fein, & se do leagadh sios & adtoirbhert da scrios na daoine mallaighthe [TD 75] diultaighthe, les nach aíl jad fein do thoirbhert dósan do chum umhla; jondas go ndéntaoi follus mar sin nach fédadh nî ar bioth seasamh no cur an’aghaidh a’neart, no chumhacht. 270. Ciondas ata tu aguidhe an rioghachtsa do theacht? An tighearna do mhédughadh uimhire na gcredeamhnach gach én lá: jna dhiaidh sin sé dho dhórtadh nuaidh thioghlaice a Spiorad fein orra, go lán lionand se jad: tuilleadh ele se dó dhénamh a fhirinde fein follus soiller ameasg dhaoine ni is mó, & ni is mó do chum dhorchadais Shathain d’fuadach, & dionarbadh jondas ag tabhairt amach aiondraccais fein, dó go gcuirfedh se ar gcúl, agas go scriosedh se gach uile esiondracas. 271. Ané nach fhuilid na nechese aga ndenamh gach én la? Ataid ar an modh úd; jondas go bfédthaoi aragha gur thiondsgain rioghacht DE: ar an adhbhur sin atamaid ag aslach afhás achindeamhain, & adhul a nairde, no go reach sí gus an’ardmhórmhullach a’níatamaid d’earbadh, & d’fhetheamh do theacht fadheeoidh isin la dhégheanach ina n’ardaighthear, & a lérghoir DIA go follas ina aonar iar gcomhthiomain, & iar gcruindiugadh na n’uile chreatuiredha an’ordughadh dhô, & ni is mô gombiadh sé jna uile isna huilibh. DOMHNAC. 40. 272. A’NI ata tu dh’iarraidh; go dentar a thoil creud an seodh ata aige? [TD 76] Go dtabharthaoi na huile creatur fa chuing a umhla, & go mbedis coimhfhreagarach da smédadh, jondas nach déntaoi e’ní ach le thoil, & le mhianson. 273. Maseadh a dtugeand tu go bfedir ni ar bioth do dhenamh tar a thoil? Ni fuilmid a guidhe amhaín, a’neth do chondarcus do jna fhochair fein do theacht go crích: ach maille ris sin ar gceansughadh, & iar gcur fa chuing gach uile asumhla dhó go gcurfadh se uile thoil na n’uile fa thoil fen, & go suidheochadh se jad jna umhla fein. 274. Ane nach fhuílmid, ag tabhairt cúil re’r dtoil fén; an tan do nímid guidh’ mar sin? Atamaid choidhche; nj do chum na crichese amhaín, sé do chur do nemhfni gach uile mhîan, ata ’iondaind a cathughadh an’aghaidh a thoile, ach maille ris sin go bfoirmeadh, & go ndenadh sé jndtinde nuaidhe, & croideadha nuada jondaind, jondas nar b’ail lind maoin do dhenamh uaind fein, ach ni is taosca a Spioradson do bheth d’uachtaran ag ar dtoil do chum lan chomaontughadh do bheth aca le DIA. 275. Creud as abfuil tu ag asluch sin do bheth dénta ar talmhuin, mar ata ar neamh? Ar son go bfuil an t’én phurpoise ag na naomh ainglibh, nech is iad a chreatuíreadha neamdhasou; aghon, ambheth freagarach dò isin vile & vmhal da bhriathribh, & vllamh ésgaidh do dhenamh a iarratuis go deonaighthach: atamaid ag aslach aléthed sin do dhícheal, & dhésgai- [TD 77] dheacht, fa bheth umhal, do bheth ar daoinibh, jondas go dtoirbheradh gach duine è fein go huilidhe dò an’umhla dheonaigh. DOMHNAC. 41. 276. ANois tigeam go soich an dara cuid: creud shignidheas duit an .’aran laoitheamhail, ata tu dhíarraidh? Go generalta gach ní is nfheadhma do choimhéd na beathadh latharrdhasa, ni he amhain da biathadh. & da hoileamhain no da chlùdadh ach maille ris sin do thabhairt di na n’uile chuidhiughadh ele, le gcon daimthear suas riochtanaisaleas na beathadh amuigh, jondas go n’icheam an naran go samhach, isin mhed is aith nidh don tighearna abheth tarbhach dhuinne. 277. Ach creud as anguidheand tû é tioghlacadh duit a’ní, ata se dhiarraid oraind a chosnamh, & adhenamh le saothar arlamh? Gehin thaothraighthe dhuinn, & fos le’r hallas do chosnamh bídh: gidheadh ni ler saothar fein, no le’r nésgaidheacht bhiathar, & beathaighear sind, ach le beandachadh DE d’en chuid, neoch le ndentar sona saothar ar lámh: do bhiad folamh ar modh ele; aghon; abfégmhais anbheandaighthe sin: tuilleadh ele is inghabhtha, & is jontuige so ar an gcorsa; an’uair fein bheas saibhreas bídh lámh re’r láimh, & sind aga iththe, gidheadh nach le shubstaintson ach, le bridh & le cumhachtaibh DE bheathaighear sinn: oîr ni fhuil alethéd so do bhrídh, & do neart aca arna gheneamhain jonta fein o naduír, acht is se Dia ata [TD 78] ag freasdal leo do bhair nimhe dhuinn, mar budheadh le ballaibh meadhonach a dheghthoirbhertais. 278. Ach cía an dligheadh le ngoireand tu haran fein de, an mhéd go bfuil tú agatach a tahhairt duit le dia? Ar son, umaro: go dêntar ar n’araine de tre mhaitheas DE, gen go bfuil se d’fhiachaibh againd amuigh ar mhodh ar bioth: ata rabhadh arna thabhairt duinne maraon, les an fhocalsa; sind d’ar dtemperadh, & d’ar gcosg fein o shanthughadh arain dhaoine ele, & ar mbeth comhchondaimthe, no toileamhail les an’aran sin ata ag teacht chugaind, & ag rochtain oraind le cor ro laghamhail mar bhudheadh ó laimh DE. 279. Creud as agcuireann tú les laoidheamhail, & aniú? Atamaid arar dteagasg go measarrdheacht, & go congmhalacht les an da bheagchuidse; d’eagla go rachdis ar n’anmíana, & ar dtoile tar mhodh an riochtanais a leas. 280. O dho dhligheadh so a bheth jna urrnaidh choitchind ag anuile dhuine ciondas fbédas sin abheth, jondas go n’iarrdis na daione saibhre aga bfuil a’ni ag dul tarrta ag baile, & aga bfuil bjotaile adtaisgidh re fad daimsir aran do thabhart doibh gach laoi? Is egin da gach saibhir, & do gach daiboir maraon so do thuigse, & adherbhfhios do bheth aca; nach dénand maoin da bfuil aca tarbha dhoibh, acht an mhéd choimhdheonaigheas DIA a ngnathugadh do thabhairt doibh: & do ní sé [TD 79] le grhás a ngnathughadh sin fein do bheth lán toraidh, & briogmhar maraon ar an adhbhar sin ag selbheochadh, & ag mealadh na n’uile dhuínn, ni fhuil maoin againd, acht an mhéd atamaid do ghabhail gach én uair as laimh DE, isin mhéd riogar dho leas, & is lór dhúinn. DOMH. 42. 281. CREVD chongmhas an chúigadh jarratus? An tighearna do mhaitheamh ar bpeacadh dhuínn. 282. Ané nach faghar, neoch ar bioth don chineadh dhaona coimhiondraic ag nach fuil fédhm ar an mhaiteamhnasa? Ni fhaghar ar mhodh ar bioth: oir an tan tug Criost an fhoirmse do dhénamh uirnaidhe da Astpolaibh fein; do ordaigh se í don eagluis go huilidhe: ar an adhbharsa ge b’e ar bioth lenab ail é fein do bhreth amach as an’egeantasa, is egin dó dul amach acomand na gredeamhnach maraon, & go firindeach do cluindmid, creud ata an scriobtur d’fiadhnaisiughadh, an tî: umaro, thairgeas é fein do ghlanadh an’en pheacadh abfiadhhaise DE, go bfagar é ciontach amílltibh: ar sin ata én chadhas arna fhágbhail fa chomhuir a’uile, a throcaireson. 283. Ciondas bhreathnaigheas tu ar bpeacaidh do mhaiteamh dhúinn? Amhail ataid focail Chriost fein agfuaidhmughadh; gurab anmanda, & fiacha jâd ata agar gcongmhail ceangailte le cíontibh báis tsuthain [TD 80] no go bfuasglaidh Día sind le fhior oineach fén. 284. Ader tu maseadh gurab anaisge, & do throicare Dé do ghebhmid maitheamhnas na bpeacadh. Aderim choidhche: oir da mbeth pián no dioghaltus en pheacaidh is ro lugha ar bioth re dhíol, & re joc; ni bhimis feast aibel do dhénamh dioluidheacht ar á scáth: vime sin is egin dósan an’vile do mhaitheamh, & do chomhthioghlacadh anaisge. 285. Creud an tarbha tig chugaind as an mhaitheamhnasa? Go mbeam isin ám sin fein comhthoileamhail dó, & gurab é ar mbeatha aige; jondas go mbimis fírentach, nemhchiontach: ata dôchus adheaghthoile aithreamhlason, (as adtig dearbh shlánughadh chugaind) ar na dhaingniughadh d’ar gcoinsiasaibh maraon. 286. Ane is seadh don chundradhsa ata arna chur les (sé do thabhairt mhaitheamhnas duínn, amhail maithmaidne d’ar bfetheamhnaibh) go dtuill sind luadhaigheacht. no pardun ó Dhia, ag maitheamh dhuínn do dhaoinibh ma dho rindeadar en pheacadh jnar n’aghaidh? Ni headh choidhche: oir is amhlaidh anois ni bhiadh an maitheamhnas anaisge, & ni bhiadh se arna shuidhiughadh, amhail bhudh coír; ar én dioluidheacht Chriost, neoch do chrioch naigh se arar son ar an gcroigh: acht arson ag dearmad na n’egcóra dhuînn do rindeadh oraind an gcen atamaid ag leanmhuin a shémhi- [TD 81] dheachta, & a mhaitheasason, bfuilmid ag nochtadh ar mbeth inar gcloind dó dha riribh: uime sin do bail les ar gcomhdhaingniughadh les an suaigheantasa & a nochtadh go contrarrtha maraon; muna tabhram sind fein vrasa vllamh, & so lubtha do thabhairt maitheamhnais amach nach infethmhe dhuínn maoin ele, acht ardchruas, & tende, nach fhédir do thabhairt tar ais le guidhe. 287. Maseadh ader tu and so: go gcuir Dia dhe ambeth aige anáit cloinde an lion, nach bféd a lochta do chur fa lár ó gcroidhe, jondas nach binbhethe dhoibh dóigh aca na jonadh ar bioth dfaghail ar neamh? Is amhlaidh sin thuigim: jondas go gcoimhliontaighe súd, go n’ath dtoimhstear da gach aon fo leth les an tomhas chédna sin ghnáthoigheas sé d’ar ele. DOMH. 43. 288. CReud leanas jna dhiaidh so? Gan an tighearna dar gciulan am buaireadh, acht ni is taosca, se d’ar saoradh ó nolc. 289. An bfuil tu da dhruideadh so vile an’én iarratas. Ni bfuil and, acht én jairatus, oir is miniughadh don chéd chuid, an chuid dhegheanach. 290. Creud chomhchongmhas se go suimeamhail? Gan an tighearna do legean duínn tuitim, no sleamhnughadh abpeacadh, gan sé do legean [TD 82] don diabhol no d’anmhianaibh ar bfeola fein (ata acongmhail gnáth chogaidh jnar n’aghaidh) dul aca oraind, ach sé dargcludadh ni is mo le chumhacht, & nert fein do chur jna n’aghaidh, sé d’ar gcongmhail anairde le laimh, sé d’ar seasamh, & dar gcoimed le garda; jondas go n’a-aitreabham amhlaidh sin fa dh’aingnibh fhírinde, & dhideanson. 291. Acht cia an modh le n’déntar sin? An tan (ar mbeth ar ar riaghladh le Spiorad son duínn) beam arar lionadh le lethed sin do gháol, & do shérc jondracais, le bfédam an peacadh, an fheoil, & Satan do chlaoi, & buaidh do bhreth orra, arís an tan bheam arar lionadh le lethed sin d’fuath peacaidh neoch do fhédfadh ar gcomhcondhamhail tearbaighthe ó n’domhan a naomhdachtghloir: oir is ambriogh, & aneart an Spiorad ata ar mbuaidh agcur catha acoimhsheasamh. 292. An bfuilid anuile abfédhm an chuidighese? Ataid: & cia do fhefadh a bheth jna fhégmhais? Oir ata an diabhol agar niondsuidhe do ghnáth & ag’ar dtimchiolladh, mar leoghan béceadhach ag’jarraidh a’neoch do fhédfadh sé shlugédh, & do uile thuitfadh sinde les go prap trés an anmhfainde ata jondaind, & ní is mò do mhillfidhe sind, & do rachadh as duínne gach aon mhoiment, muna chludadh DIA sind le edíth fein, & muna neartaigheadh sé sind le laimh. [TD 83] 293. C’reud is seadh dhuit dfhocal an bhuairig? Gaois, & mealltoracht Shathaiu, le bfuil sé do gnáth dar n’aidherbeadh, & lenab urasa dhó ar mealladh go luath, & teacht jn’ar dtimchiol, muna cúidighthe sind le nert DE: oir ata ar nindtind do rér a haimhidheacht duithche fein fa chealgaibhson, & amhail ata ar n’aigneadh: & ar dtoil nj is tende righthe do chum uilc, jno do chummaitheasa, is amhlaidh sin do rachadh aigeson orra. 294. Ach creud as anguidheand tú gan dia d’ar gciulan amhbuarraidh ani do chiotar nach le Dia ach le Satan go hairidhe? Amhail ata Dia a coimhed na gcredeamhnacha le dhidean fein, d’eagla go gclaoifidhe jád le Satain, jno go rachadh ag an bpeacadh orra: is amhlaidh sin an lion is ail les do sciúrsadh, ni fhuil sé aga ndighughadh amháin fa ghrás fén, ach maille ris sin ata se aga dtoirbhert d’fhoire-êgin, & d’fhoirnert Shatain, aga mbualadh le doille, & aga dtélgean an’jndtind dhamainte mhallaighe, jondas go mbedis jna seruontaibh daortha don pheacadh go huilidhe, & arna gcur amach fa chomhair gach aon ruáthair, agas amais buairidh. 295. Creud is seadh don chlausa jno don mbheagdhrudsa do chuireadh les: oir is leatsa an righe, anairt, & an ghloir go soith na saoighalaib biodh amhluidh. Atamaid arar dteagasg aris and so; gurab mhó ataid ar n’uirnaidhe arna gcondamhail suas le [TD 84] neart, & le maitheas Dé, ina ler n’dóchas fein tuilleadh ele atamaid arar dteagasg ar n’uile urrnaidhe do dhrud le hadhmoladh Dé. DOMH. 44. 296. ANe nach ceadaigheach maoin ar bioth diarraidh ar Dhia, acht an ni ata arna chomhchondamhail is in mbheag fhoirmse? Ge ata ceadaigheach guidhe do denam le foclaibh ele, & le modh ele: gidheadh is amhlaidh so is jnghabhtha a’nîse nach bhféd uirnaidh ar bioth Día do thoiliughadh nach gcuirthear, & nach légthear go soich so amhail èn riaghla do dhénamh guidhe go hiomchubhuidh. ADTIMCHIOL FOCAIL DE. 297. ANois ata modh an’ordáigthe do chuireamar romhaind ag jarraidh oraind labhairt, adtimcbiol an ceathraimhthe cuid d’onoir, & do sherbis Dé? Adubhramar so do bheth ar na chur and sud: aghon, sind d’aithne DE do bheth jna ughdar na n’uile mhaitheasa, & sind do ghloirfeadh amhaitheasa, afhiréntachta aghliocais, achumacht, le moladh, & le haltachadh: jondas go mbiadhgloir na n’uile mhaitheasa jna shuidhe jna fhochair fein. [TD 85] 298. Ané nach ar chuir se riaghail ar bioth far gcomhair ar an gcuidhse? Dlighid gach én mholadh ata aige isin scriobtur abheth againd arson riaghla. 299. Ané nach fhuil ag an orrtha dhomhnaigh éní bheanas ris so? Ata; umaro an tan iarmaid a ainm do naomhadh; atamaid aga jarraidh so: aghon, aghloir fein do bheth follus jna uile oibrighibh, jondas, go mbreathnaighthear é (mas maitheamhnas do bher sé do pheacachaibh) trocaireach no (mas dioghaltus jmreas é) ceart: jno (ma do choimhgheallas sé aní do gheall se da d’aoiníbh fcin) fírindeach: fadheoidh gach uile do chiam da oibrighibh siad d’ar n’dúsgadh da ghloireadh, & is se so moladh na n’uile mhaitheasa do thabhairt dó. 300. Creud fadheoidh thionolus sind as as na nethibh sin do lamhaigheadh lind go soich so? A’ni: umaro, ata an fhírinde fén ag teagasg, & do chuireas fein siós ar tús gurab í so an bheatha shuithain; an t’aon Día fírindeach thathair d’aithne, & aneoch do chuir se chugaind IOSA CRIOST esean aderim d’aithne; jondas go dtabhram a onoir dhligheach fein go daingean dô, & go mbiadh se ni he amhain jna thigearna ach maille ris sin jna athair, & jna shlanaightheoir: & go mbimis fa gcuairt jnar gcloind, & jnar serbhontadhibh dhósan: agas ar sin sind do choisreacadh, & d’or dughadh ar mbeathadh d’foillseochah aghloire. [TD 86] DOMHNACH. 45. 301. CIA slighe le dtigthear go soich anoireadsa do mhaith? Do fhagaibh sé afhocal naomtha fein againd go soich an gcríchse: oir is teagasg Spioradalta é, mar dhorras égin ar abhfuilmid ag dul isteach jna rioghacht neamhdhason. 302. Cáit jnar bin jarrtha dhuinn an focalsa? Is na Scriopturibh naomhtha, agcomhchondaimhthear é. 303. Ciondas is jnghnáthaighe, é jondas go bhfuighe tu tarbha as? Da ngabham é le teand persuasion, & dearbhdhóchas an chroidhe gan égcosmhaileas, achtamhail an fhírinde tainic anuas do bharr nimhe da deoirbheream sinn fein sotheagaisgthe dhó: da gcuiream ar dtoile, & ar nindtinde fa umhlason: da gaoloigheam ê l’er n’anam: masé ar mbeth dhó arna chur én uair agcló inar gcroidhibh go mbia freamha sáite aige jonta; jondas go dtabhradh sé toradh amach isin mbheathaidhse: fadheoidh mase go b’foirmthear, & go gcosmhailthear sind do reir ariaghlason: ted sé isin ám sin fein do chum slanaigh dhuinn amhail do hordaigheadh é. 304. Ané uach b’suilid na nechese arna gcur jnar gcumhachtaibhne? Ni fhuil maoin dibh choidhche, acht is re Dia bheanas an’uile nise adhubhras do chriochnughadh le grás a Spiorad fein? 305. Acht ané nach jndénta duínn dícheal [TD 87] & nach jontairgthe le gach uile stuider tarbha do dhénamh les aga léghadh, & aga esteacht, agas aga smuaineadh? Is indénta cheana, & chumhdaigheadh gach én duine é fein le lêghoracht laoitheamhail go huaigneach, & òs an’uile ní thigeadh siad go menic abfhochair achéle d’esteacht sermona go dícheallach abail abfhoscaoiltear teagasg an tslanaighe agcoimhthionol na gcredeamhnacha. 306. Maseadh ata tu ag aicheodh gurab lór, da léghadh gach duine é do lethoir jna thigh, muna comhchruindighidh an’uile maraon abfhochair achéle go coithchiond d’ésteacht an teagaisg chédna? Is égin cruindiughadh abhail jnar gceadaigheach é is se so, antan ghebhthar comas. 307. Ab’fedand tú so do dhearbhadh dham? Dlighid én toil an tighearna fóghnadh arson dearbhtha dhuínú go hiomarcach, acht is amhlaidh ata gur furail sé an tordughadhsa ar a Eaglais fein neoch n’ar bhionchoimheda dhias no do thriur amhain, acht jna mbedis an’uile go coitchiond: ader sé do bharr gurab é so én modh, & en cor ar adtógaibhthear & ar agcoimhédtar í: maseadh biadh an riaghail naomhtha nemhbhristese againd, agas na breathnaigheadh én duine gurab ceadaigheach dhó ghliocas do bheth aige os ciond amhaigistir. 308. Maseadh nach égin bu achaileadha do bheth aguibherrnoracht na heaglaise, & ambheth roimpe? [TD 88] Is egin maille re mbeth and; an’esteacht maraon, & an teagasg sin Chriost ataid do chur gc’ell do ghabhail as ambèlaibh le heagla, & le reuerens ar an adhbharsa an tí ata aga dtarcaisneachadh, & les nach fíu, & dhiúltas an’éstacht ata sé ag tarcaisneochadh Chriost, & aga ghearradh fein ó chommand na gcredeamhnacha. 309. Ane gurab lór do Chriostaidh abheth én uair arna thegasg ó bhuachaile fein ino andligheand se an cúrsasa chondamhail arfeadh abheathadh gu huilidhe? Is beag suarach tionosgna do dhénamh muna mhaire thu go buan: oir is égin duínn abheth in’ar ndesciblaibh do Chriost go soich dereadh no gan dereadh: & tug sé anoificese do ministribh a Eaglaise dar dteagasgne ina aít fein, & ina ainm. ADTIMCHIOL NA SACRAMENTE. DOMHNACH. 46. 310. NACH bfuil meadhon ele on fhocal le gcomaoinigheand Dia é fén rinde? Do chuir sé na sacramente maille re sermonachadh a fhocail. 311. Creud é an tsacacrament? Comharrdha faicseanach amuigh dheaghthoile Dé oraind, neoch ata ag fioghrughadh grasa Spioradalta le suagheantus faicseanach do shelu- [TD 89] ghadh, & do, dhaingniughadh geallta DE inar gcroidhibh: jondas, goma fearde do chomhdhaingeneocha bfírinde. 312. An bfuil an oirradsa do bhríógh, & do nert isin tsuagheantus fhaicseanaigh; jondas, gobfedan sé na coinsiasa do dhaingniughadh andóchas an tslanaighe? Ni fhuil sin aice dhi fein gan amharus, acht do dheoin, & do thoil DE arson gur hordaigheadh les í gus an gcrichse. 313. Os obair airidhe an Spiorad gheallta Dê do shelughadh inar gcriodhíbh ciondas ata túsa do thabairt so dona sacramentibh? Is fada, & is adbhal an teadardheallughadh ata eatorra sin: oir is ar an Spiorad naomh fhearus na nechese dariribh; aghon, na croidheadha do ghluasacht, do bhogadh, & do maothughadh, nahindtinde d’foillieochadh, na coinsiasa do dhéneamh samach; jondas, go n’dleaghar aní sin uile do bhreathnughadh abheth ina ghniomharuidhe dhósan, & ambuidhechas do thabhairt dó gan amholadh do chur íul ele: gidheadh ní loighide ghnáthaigheas Día na sacramente mar bhalla meadhonacha, & go guireand sé jad gus an tarbha do chiothar dhó fein, & go dén sé sin ar mhodh; jondas, nach beartha maoin ó bhrígh an Spiorad. 314. An b’fuil tú ag breathnughadh nach isin element a muigh ata briógh na sacrament jata, ach gurab ó Spiorad DE ata sé agsruthshileadh, & agttachtgo lér? [TD 90] Is amhlaidh sin bhreathnaighim: amhail; umaro, budhthoileach les an tigearna abhrígh & a’nert fein do nochdadh le orghanibh no le ballaidh freasthail do chum na críche gus ar ordaigh sê jad a’ní ata sé do dhénamh go demhin ar mhodh jondas nach ber sé maoin ó bhrígh a Spiorad fein. 315. An bfédand tú an tadhbhar as an’dénand sé sin d’jndisin damh? Fédaim ata sé: vmaro, ar angcorsa acuidiughadh ler nanmhfhainde, & agabhail aice: oir da mbimis vile Spioradalta, mar aingle do fhédfamaois é fein araon, & aghrása d’amharc go Spirodalta, acht ó tamaid arar dtimchiolladh les an mheallsa an chuirp thalmhaidhe, ata fedhem againd ar fioghraibh no ar comharrdhaib; neoch do fhédfadh ar modh egin talmhaidhe sealmhadh na necheadh Spioradalta, & neamhdha do thabhairt duínn; oir ni fédmuid ar modh ele teacht chuca, no rochtain orra, ata tabacht duinn maraon ar n’uile chédfaidh do bheth arna gcleachtadh jna gealltaibh, jondas, goma fearrde do chomhdhaingneochaighthe dhuînne jad. DOMHNAC. 47. 316. MAs fírindeach gurab vime sin do hordaigheadh na sacramente le Dia, da mbeth jna gcuidiughadh ar bhfeadhmaidhne nach dligeach adamnadh go tuillteanach arson vaibhreachais an tí bhreathnaigheadh go bhfedand sé a bheth jna bhfhégmhais, amhail neche neamhégeantacha? [TD 91] Is dligheach ar gach én mhodh; & ni is mô da seachna éneoc do dheoin an gnáthughadh mar nach biadh abfhédhem air, ata sé ag dénamh tarcaisne ar CHRIOSD ag díultadh aghrás, & a cur as, & ag mùchadh a Spiorad. 317. Ach creud andóchas ata as na Sacramentibh do dhaingniughadh ar gcoinsiasa, & creud é dearbhthadh an tsamhdais, & an daingnjghe fhédir do chomhghabhail do ní ataid na daoine olca, & maithe maraon aga ngnathugadh go coitchiond? Ge do chuirdis na daoine aingidhe maithe, & grása Dé, ata arna f’urail orra is na sacramentibh (amhail aderaind) do nemhfnî, an mhéd bheanas ríu fein: gidheadh ni chriochnaighear ar ashon sin gan ambhridh fein & a nadvir d’anmhuin isna sacramentibh. 318. Cia an modh maseadh, & cuin leanas briógh na sacramenteádh anghnáthughadh? An tan ghabham jad le credeamh ag iarraidh Chriost jonta amhain, & aghrás. 319. Creud fa nabair thú gur b’in jarrtha Chriost jonta? Artúsa ag tuigse nach jnghreamaighthe, & nach ion leanta ris na comharraighdhaibh faicseanach: jondas go niomhaigheam, no go smuaineam slanugh; aghon; bríogh an ghrása do bheth játa jonta, acht is mó is jnghabhtha dhuínn an comharrdha an’áit cuidighe; jondas go n’dírgheadh sê sind go dîreach go Criost ar mbheth dhuínn ag jarraidh ar n’ardaoibhnis, & ar slan- [TD 92] aighe dhaingin and. 320. O do jartharr credeamh do chum a ngabhala; & a nghnáthaighe; ciondas ader tú ad tabhairt dûinn do dhaingneochadh ar gcredimh; jondas gó ndénnand siad sind ni as sbiondamhla, ino do bhimis go soich so adtimchiol geallta DE. Ni fóghnand an chredeamh do bheth èn nuair arna tiondsgna jondaind muna bheathaighth’ar, & oiltar jondaind e do ghnath, & muna mhèdaighar ni is mô, & ni is mô gach laoi jondaind e: ar an adhbharsin do hordaighdadh na Sacramente les an tighearna da beathughadh da sbiondughadh, & da tógbhail suas a’nairde, a’ní ata Pól do chomharrdhughadh antan ader se tabhacht do bheth jonta do dhaingnighadh, & do shelughadh geallta DE. 321. Ach nach comharrdha neamhdhóchais so, gan chredeamh daingean do bheth, againd angealltaibh Dé? Ata so agnochthadh gan amharus anmhfainde an chredimh da bhfuilid cland DE fein fós-go tind, gen go scuirid uime sin gan ambheth credeamhnach: ge taid fós ambeag chredeamh neamhfhoirse: oir an gcen aitreabham an domhansa, ataid fuighil nemdhòchais ag anmhuin do ghnath inar bfheoil, nachfedmaid do chur aiste ar modh ele, ach le gnath shaothar, & dul arar n’adhaidh go soich dhereadh ar mbeathadh ar sin is egin duínn dul arar n’aghaidh ni is sìa. DOMH. 48. 322. CA lion ataid Sacromente na heaglaise Criostaidhe? [TD 93] Ataid dias argach eu mhodh neoch is coitcheand a nghnáthughadh ameasg an’uile Chriostaighe. 323. Cia hiad sin? An baisteadh, & a naomh shuiper. 324. Ach creud an cosmhaileas, & an t’égcosmhaileas ata aca eatorra fén? Ata an baisteadh againd amhail dul isteach egin isin eaglais: oir ata fiadhnaise againd andson ar mbeth dhuínn jnar n’allmharachaibh, & jnar gcoicreachaibh ar mhodh ele ar ngabhail anois adte aghlach DE, do chum go mbreathnaighthe sind ameasg alucht tighe: & ata an truiper ag fiadhnaisiughadh Dia do bheth dathoirbhert fein duínn ag béathughadh ar n’anmand. 325. Do chum gomadh soilleridhe do bhiadh abhfirínde araon duínn, lamhaigheam jna dtimchiol araon fo leth; artús cia é seadh an bhaishdigh? Ata da chuid aigesin: oir fioghraighthear maitheamhnas na bpeacadh, & an aithbhreth Spioradalta and. DOMH. 49. 326. CReud an cosmhaileas ata isin uisge ris an nethibhse; jondas go daisbeanand se jad? Is gné nighe maitheamhnas na bpeacadh neoch le nglantar ar nanmanda on salcharaibh fén amhail do nighthar les an uisge salchar an chuirp. 327. Creud ader tú adthimchiol na haith bhrethe? An mhéd gurab é athoshachsa márbhadh ar naduírene, & adereadh ar mbeth jnar gcreatuíreadha madha: ata fioghar an bháis arna chur fa’r gcomar andson: an mhéd go gcuirthar an [TD 94] t’uisge arar gceand ach fioghair na naoidh beathadh and sin; an méd nach fuilmid ag anmhuin fa n’uisge arar mhbhathadh, ach go bfhuilmid ag dul faoi re moment, amhail faoi fheart, jondas go dtiseam as, no anuachtar go luath. 328. An bfuil tú ag breathnughadh gurab é an t’uisge nighe an’anma? Ni fhuilim choidche: oir do budh ègcnesda an’onoirse do bhreth ó fhuil Chriost, neoch de doirtadhe fa nadhbarsin, do chum ar mbeth dar nuile fhalchar arnaglanhadh le, go ndenadh sí sind glan nemhshalach abfhiadhnaise DE: & atamaid ag mothughadh tarbha anghlanta go demhin, antan chrathas, & choimhleas an Spiorad naomh ar gconsiasne les an fhuil choifraca sin: acht ata shelughadh sin agind isin tsacrament. 329. Ané nach fhuil tu ag tabhairt nech ele do n’uisge, acht abheth ina fhioghair na nighe Spioradalta. Is amhlaidh aithneochum abheth inafhioghar jondas go bfhuil an fhírinde ceangailte les maraon: oir ni fhuil Dia ar mbheth dhó ageallhadh athioghlacadha dhúin d’ar meallhadh: ar an adhbhár sin is demhin maitheamhnas na bpeacadh, & naoidheacht beathadh do bheth arna bfhuirail oraind, & arna ngabhail lind isin mbhaisteadh. 330. An bfuil athabacht fén ag an grás isin’uile go coitchiond? Ni fhuil; oir atáid môran ar mbeth doibh ag drud an roíd rompa fein; ag tabhairt ar abheth [TD 95] nemhtharbhach doibh; uime sin ni thiocfa athoradh, ach do chum na gcredeamhnach amhain: gidheadh ni fhuil maoin da haithle sin dul do naduir na Sacramente. 331. Achd c’áit as adtig an aithbhreth? O bhás, & ó esérghe Chriost araon: oir ata an bhríghse jna bháson; go gcésthair ar sean duine trisin, & go n’jodhlaicthear ar modh égin locht na naduíre suil chinneas se ni is mó jondaind: acht an mhèd go n’aithfhoirmthear sind anaoidheacht beathadh do thabhairt umhla d’fhirénthacht DE is do thighlachadh na heseréghe sin. 332. Ciondas bhearar na tioglaice, & na maitheasa dhúinn trés an mbaistadh? An mhéd muna dearnam na geallta ata arna dtairgse dhuíun andsin nemhtharbhach le n’diúltadh go bfhuilmid arar gcludadh le Criost, & go fhuil a Spiorad arna thioghlacdadh dhuînn. 333. Ach creud is jn dénta dhúinn jondas go gnáthocham an baisbteadh go laghamhail? Ata ceart gnáthugadh an bhaistidh arna chur agcredamh & anaithridhe: aghon, ar tús sind do bhreathnughadh ar mbeth dhuínn arar nglanadh ó gach uile shalchar le fuil Chriost gurab toileamhail le Día sind, & gurab é ar mbheatba aige: jna dhiaidh so sind fein do mhothughadh a Spioradson do bheth ag aitreabh jondaind, & sind da thaisbeanadh sin le hoibrighibh amuigh abfhochar dhaoine ele; & gan sind dar cleachdadh fein asmuaineadhaibh marbhaidh na feola, achd an’umhlughadhfírentachta DE. [TD 96] DOMH. 50. 334. MAse go bfhuilid na nechese arna n’íarraidh do chum gnáthaighe laghamhla an bhaistigh; ciondas do njthear lind an chland beag do bhaisteadh? Ni hégin do ghnáth credeamh, & aithridhe do dhul rés an mbaisteadh; acht is ann jarrthar jad ona daoinibh ele amhain, neoch is aibel anois tré aois da ngabhail, & da dtuigse araon: ar an adhbhar sin is lór da dtughadh an chlandbheag amach bríogh, & toradh an bhaistadh jar dteasadh doibh go hois fhoirfe. 335. Nach bfhédand tú a nochtadh le résún gan égcneastacht ar bioth do bheth isin ní sin? Fédir; da ndeonaighthear fós so dhamh; gan an tigearna d’ordughadh maoine ata asaontadhach re résún: oir an mhèd go bfhuil Maoise, & an’uile Phaith ag teagasg gurab é an timchiolteascadh comharrdha na haithridhe, & fós gurab é Sacrament an chredímh le tesdis Phóil, ach gidheadh do chiamaid nachar chongaibh se amuigh an chlannbheg uaidhe. 336. Acht; ané gurab inlêgthe an chlandbheag anois gus an mbaisteadh les an adhbharsin fein do bfiu, & do bhi ar buil isin timchiolteascadh? Is inlégdhe choighche les an adhbhar chédna; an mhéd go fhuilid na geallta do rinde DIA jar n’uair don phobul Israelta arna gcoitchionnchadh anois trés an’uile chrninde. 337. Ach nach fhuil tú cruindeochadh as so, gurab inghnáithagh an comharrdha maraon? [TD 97] Ge be ghêrrandsaigheas roimhe, & jnadhiaidh go maith, to bher sé dear a ní so do leanmhvin: oir ni dearna Criost dhîne lucht comhparta ar an ngras sin tugadh roimhe d’israel ar angcunnradhsa jondas go mbiadh sé ni budh doirche dhuínn ino ar modh ar bioth arna loighadhughadh, acht do chum go madh saibhride, & gomadh móide do dhoirtfedh sé oraind é. 338. Maseadh an saoleand tú masé go mbacar an chlandbheag on mbaisteadh go dtéd ar ashon sin ní ar bioth do grhás Dé, jondas go bfédfaidh aragha gur beaghadh é le teacht Chriost? Ata sin go demhin arna fhosgladh go soillar: oir ar mbreth an chomharrdha vaind (neoch do fhiadhnaisigh trocaire, & do chomhdhaingnigh na geallta do bfiu móraon) do bhiadhd’ar n’díth comhfhurtacht oirrdherc do mealadar na sean daoin. 339. Maseadh is amhlaidh ata tú ag tuigse: O do bail le Dia isin tseantiomna (do chum gó nochtfadh se é fein ina athair na cloinde bige) geallta an tslanaighe do bheth ar na gcur agclo & arna ngrafadh le comharrdha faicseanach ina gcorpaibh: do budh nemhdhionghmhalta: da madh lugha do daingneochadh do bhiadh ag na daoinibh credeamhnacha, dés teachta Chriost: an mhéd go bfuil an gealladh cédna arna ordughadh dhuínn, do bhi n’uair égin dona haithribh, & go dtug Dia comharrrdha aghradha, & a mhaitheasa ni is soillaire dhuínn jna tug sé dhoibhson. Is amhlaidh sin thuigim: & do bharr ar so; [TD 98] os follus ni is lór briógh, & substainte (amhail aderaind) an baistigh do bheth coitchiond do na leanbaibh da n’diultaighe an combarrdha dhoibh, neoch is iochtraigh na an fhírinde: go ndéntaoi an tuil égcoir orra. 340. Cia seadh an cundraidh lenab ionbhaistigh na lenimh? D’fiadhnaisiughadh gurab jadson oighreagha an bheandaighe do ghealladh do shíol na n’daoine gcredeamhhacha, do chum (jar naithne fírinde an bhaistigh dhoibh ar dteacht go haois fhoirfe dhoibh go dtuigidaois toradh as, & go dtabhradhdaois arís amach é. DOMHNACH. 51. 341. ERgeam thairis gus an tsuiper, & ar tús do b’ail lium afhios d’fághail vaid creud asheadh? Is ar an adhbhar sin do hordaigheidhe le Criost é do chum go dteagaisghadhe sé sind ar nanmanda do thògbhail an’dóchas na beathadh suthaine le comaoineochadh a fhéola, & afhola féin go ndénadh sé sin dearbhtha. 342. Ach creud as abhfioghraighear feoil no corp an tighearna les an aran, & afhuil les an bfión? Teagaisgthear; umaro as sin sind cia an bhríogh ata ag an aran a n’oileamhain na gcorp do chongmhail suas na beathadh latharrdha: an bhrióghchédna do bheth ag corp an tighearna do bheathughadh na nanmand go Spioradalta: & mar nithear mear chroidhe na ndaoine les an bhfion athchumdhaighear ambriogha, & amhail [TD 99] spiondaighear an duine go lér lés: gurab amhlaidh sin ghabhthar na gnátha cédna le’r n’anmandibh ó fhuil an tighearna. 343. Maseadh; ané go bhfuilmid acaitheamh chujrp, & fhola an tighearna? Is amhlaidh sin thuigim: an mhéd gurab andsan ata vile dhòchas ar slánaighe arna shuidhiughadh, & go n’aireamhthear dhuín an u’mhla do rinde sé do n’athair; amhlaidh, & go madh linde fein í: is égin ashelbhughadh, & amheladh lind: oir ni fhuil sê acomaoineochadh a mhaitheasa fein rind ar modh ele acht an mhéd ata sé da thabhairt, & da dhènamh fein duínn. 344. Acht, ané nach dtug se é fein duinn antan do chuir sé é fein fa chomhair an bháis, & do fhulaing sé é go deonaigheach, jondas (ar mbeth ar ar saoradh dhuínn ó bhreatheamhnas an bháis) go redhigheadh sé sind re athair? Ata sin fírindiach go demhin: ach ni lór duínn sin gan sind anois da ghabhail, jondas go bfédfadh briógh, & torhadh abháis rochtain oraind. 345. Ach nach agcredeamh ata modh aghabhala a coimhsheasamh? Admhuim gurab and: & atam aga chur so ina cheand maraon, gurab vime do nithear sin an gcen chredmid nihe amhain a dhul d’ég do chum go dteasairgeadh sé sind on bhás & a esérghe do chum go gcosnadh sé an bheatha shuthain dúinn: ach maille ris sin an gcen aithneocham abheth ag aitreabh jondaoind, & ar mbethne ceangailte riosan les an ghné aonachta sin, & com- [TD 100] aind le bfuilid na buill ag leanmhuin, & abhfastodh re gceand, jondas go bfuilmid inar lucht parta auile mhaitheason le tioghlachadh na haonacht. DOMHACHN. 52. 346. ANé gurab trés an tsuiper d’én chuid atamaid ag faghail an chomaonighese Ni headh cheana: oir ata Criost fos arna chomhaoineochadh rind (le testis Phòil) trés an Seoisgel: & is cneasta ata Pól aga theagasg so an tan chluindeam ar mbeth fein inar gcnaimh da chnamhaibh, & inar bfeoil da fheoil gurab esean an’taran béo t’anaic anuas do bhárr nimhe do bheathugaadh ar nanmand; gurab áon sind maille ris amhail is âon esan ris an’athair & agcosmhaileas so 347. Creud ghébham do bhárr as an tsacrement, no creud an tuilleadh tarbha ata se do thabhairt chugaind? Agso fein, umaro, an mhéd go comhdhaingnithear, & go médaighear dhúinn an comaoineaochadhsa adubhras: oir ge ata Criost arna thabhairt dhuínn isin tsoisgel, & isin mbaisteadh maraon, gidheadh ni ghabhmaid go huilidhe é, acht a gcuid amhain. 348. Maseadh creud ata agind a Symbol no agcomhairtha an arain? Corp Chriost amhail tugadh én vair an jobajrt é dar síothchainachadh re Dia gurab amhlaidh sin anois ata se arna thoirbhert dhuínn maraon, do chum go mbiadh adherbhfios againd gurab rind bheanas an tsiothchain. [TD 101] 349. Creud ata agcomharrdha no a Symbol an fhiona? Ata: amhail do dhoirt Criost én vair afhuil fein a n’dioluìdheacht an bpeacadh, & a luach ar gceandaigh, & ar saortha: gurab amhlaidh sin anois ata se aga shíneadh, & aga tabhairt dhuínn re hibhe, do chum go mothaigheam an toradh dhligheas rochtain chugaind di. 350. Do rer na bfreagradhsa ata agad, ata suiper naomhtha an tighearna ag’ar gcur arís do chum abháis, jondas go mbiadh comaoineochadh a bhrîogha againd? Ata choighche: oir do chriochnaigheadh an’én jodhbairt shuthain andsin, neoch budh lór, & do fhoghain d’ar slanughadh; vime sin ni fhuil maoin d’suigheal, ach sind da mhealadh & da shealbhughadh. 351. Maseadh ni do chum na críchese do hordaigheadh an tsuiper, aghon, do thoirbhert cuirp a mhec fein do Dhia athair? Ni headh jdir: oir is aige fein ata an urraimse, os sagart suthain é, & is se so ataid afhocail fein do fhuaidhmughadh, an tan ader sé, gabhaidh, & ithaidh: oir ni fhuil sé ag tabhairtaithne and sin corp a mbec fein do thabhairt an’iodhbairt dó, ach sind da ithe, & da chaitheamh amhain. DOMH. 53. 352. CReud fa bhfuilmid agnáthughadh dá chomharrdha? Do chuidigh an tighearna ar nanmfainde [TD 102] an sin, do chum go dteagaisgeadh sé sind ni budh soillere; abheth fein ni he amhain jna bhiadh d’ar nanmandibh, ach maille ris sin ina dhigh, deagla go siream én chuid don bheathaidh Spioradalta an’aít ele, acht andson amhain. 353. And dlighid an’vile agcothrum angnathughah araon gan edirbhreatheamhnas? Is amhlaidh sin ader aithne Chriost, ó dtul égcoir aidherb do thabhairt ar maoin do bhreth vaithe ar mhodh ar bioth. 354. An bhfuil againd, acht comharrdha na dtioglacadh sin adhubhr as isin tsuiper d’ênchuid, jna bhfuilid na tioghlaice fein arna dtabhairt dhuínn da riribh? Os sé ar dtigearna Criost an fhírinde fein, ni hinghabhtha amharus go gaoimhlionfaidh sé na geallta tug sé dhuínn and sin; ar sin ni hamhairseach lium amhail ata sé ag fiadhnaisiughadh le foclaibh, & le comarrdhaibh go ndén se lucht comhparta dhîne ar a shubstaint fein, jondas go gcomhfhásam maille ris an’én bheathaidh. 355. Achd, ciondas is fhedir so do dhénamh, ar mbeth do chorp CHRIOST tar neamh, & sinde fós ar talmhain ar d’eoraigheacht? Ata se aga dheanamhso le bríogh jongantaigh, mhiorbhuiligh, shécredigh a Spiorade fein, da nach deacair na nech ata anjonadaibh fad ó chéle do chur abfhochair a chéle. 356. Maseadh ni hiomhaigheand tú an corp do bheth jata isin aran no an fhuil isin cupa. Nj jmhaigheam choighche, acht is mó th- [TD 103] uigim mar so, jondas go selbheocham firinde na comharrdha, gurab égin ar nindtinde do thogbhail an’aird ar neamh, amball abfhuil Criost angloir athar, & jna shlánaightheoir: & aderim gurab égcoir, & gurab diomhaoin do jarrthar é isna duílibh talmhaidhese. 357. Do chum go gcruindeacham ani adubhras ata tu dearbhadh da ní do bheth isin tsuiper; agon, aran, & fion, neoc do chiotar les na suilibh, greamaighthear les na lamhaibh, blaistear les an mbeul, ina dhiaidh sin Criost le mbeathaighear ar nanmanda don taobh stigh (amlaidh marbhvdheadh) le beathaidh chorportha fein? Is fior sin, & is jontuicthe so go soich sin go bfuil eserghe arna dearbhadh dhuínn and sin, ar bfaghail ornise duínn mar bhudheadh go bfuilid, fein ag faghail chomhaoinighe do chomharrdha na beathadh. DOMH. 54. 358. CReud bhias jna thoradh direach laghamhaile don tsacramentse? Mac samhla anech ata Pòl do dhefiniughadh, & dfoill siughadh; aghon, duine da chésnughadh, & da dhearbhadh fein suil téd chuice. 359. Creudrandsaigheas se isin dearbhadh sin? An bfuil sé jna bhall fhirinneach do Chriost. 360. Creud iad na hargumente le dtig se se go fios aneach sin? Da raibhe aithridhe, & credeamh firindeach aige: da raibhe gáol achomharson aige le chroidhe: da raibhe jnntinn ghlan aige O gach [TD 104] vile fhuath, & dhroch thoil. 361. An bfuil tu diarraidh isin dnjne credeamh, & grádh foirfe? Is jomchubhaidh go demhin ambeth araon fallan jomshlan O gach vile chelg, acht is diomhaoin jarrthar foirfeacht coimhcheart is nach fedfaide ní ar bioth dhiarraidh: an méd nach bfedir anoiread sin dfaghail feast vadh nduine: ar an adhbhar sin do budh diomhaoin do bhiadh an Sacrament arna hordughadh, muna bheth neoch ar bioth re ghabhail, ach duine foirfe. 362. Maseadh nj bfuil a neamhfoirfeacht ata fos jondaind agar mbacadh do dhul? Acht is mo is inghabhtha; dá mbeam vile foirfe, nach, biadh gnathughadh no tabhacht ar bioth ag an tsuiper inar measg, neoch do dhligheadh abheth ina cuidiughadh d’ar neamhfhoirfeachtne. 363. Ané nach bfuil crióch ele ordaighthe ag an Tsacramentse do bharr? Is comhairdha, & is suaigheantus mur bhudheadh ar n’admhala maraon jad: oir atamaid agadmhail ar gcredimh abfochair dhaoine ele: & atamaid ag fiadnaisiughadh aon chomhthoil chredimhe do bheth againd agcriost. 364. Da dteagmhadh den neóch tarcaisne do dhenamh fa gclea’chtadh, creud is indeanta ina dtimchiol? Do bin’ bhreathnaighthe so go tuilltenach abheth cám lùbach ag sènadh Chriost a bfirinde antí ata mar sin do bhriogh nach fiu les é fen [TD 105] d’admhail abheth na Criostaighe, is nemdhiongmhalta é re aireamh ameasg na gcriostaigheadh. 365. Ané gurab lór angabhail én vair amhain rer nvile bheathaidh. Is lór gan amharus èn bhaisteadh, jondas gurab nemhcheadaigheach a jarraidh, no dhenamh arís, acht is contrairdha do sin modh an tsuiper. 366. Creud é an teadardheallughadh ata eatorra? Ag so é; ata an tigearna ag’ar ngabhail jnar macaibh ochta & agar mbreth isteach jna eaglais fein trés an mbaisteadh, jondas mbimis aige ó sin amach nar lucht tighe, tarés ar ngabhala dô ina bhuidhin: ata se ag fiadhnaisiughadh gnath chúraim do bheth aige adtimchiol ar noileamhna trés an tsuiper. DOMHNACH. 55. 367. ANé go mbeanann freasdal an bhaistigh, & antsuipar ris anuile go coitchiond? Ni beanann feast: acht is les na daoinibh da dtuca aithne dhenamh teagaisg go coitchiond na cotcha sin go hairide: oir ataid na nechese ar a gceangla a bfochair chêle do ghnáth an’eaglaise do bhuachaileacht, no do sherbhisiughadh le teagasg an tslunaighe, & an tsacramenteadh do fhreasdal. 368. Bfedar leat a’níse do dhearbhadh dhamh le fiadhnaise an Scrioptur? Do thug Criosd aithne da Apstolaibh do dhenamh baisd, ag tabhairt an tsuiper, amach; do [TD 106] iarr se oraind a esiomlair do leanmhuin, & aderid na Suighscel ar mbeth dó aga roind, go dearna sé fein oific Ministir choitchiond. 369 Ane go n’dlighid na buachaileadha rer taobhadh an feadhmantasa ann gach aon aít, & gan togh do legean chuice? Méd bheanas ris an mbaisteadh, do bhriogh nach dtabharthar aniuh é, ach do chloind bhig, ni bfuil eadardhealughadh and: acht is jn bhethe don Ministir faicilleach isin tsuiper; gan, a síneadh do neoch, is follus do abheth nemhdhiongmhalta. 370. Creud vime sin? Do bhriogh nach dentaoj é abfégmhais scandaile, & tsalchair na Sacramente. Ane nach budh dhiongmhalta le Criost Iudas ar gcomhaoineochasa ar mbeth nemhdhiongmhalta dhó? Admhuim ar mbeth da ajngidheacht folaigheach fos: oir gen go raibhe si an’ainmhfios do Chriost, ni tanaic si asoillse, & abfios daoine. 371. Maseadh creud do nithear ris na cealgoraibh? Ni fedand an buachaile agcur t’ar anais, mar dhaoine nemhdhiongmhalta, ach dlighidh sé síneadh do chur jonta, no go bsoillsigheadh Dia anolc jondas gomadh follus do daoinibh é. 372. Creud mas aithnidh dó fein, jno ma do ghébhadh se rabhadh neoch do bheth nemhdhiongmhalta? Ni lór sin go demhin da gcur ar gcúl on gco- [TD 107] mhaoineochasa, muna tig fios; & tuigse laghamhail, & breatheamhnas na Heaglaise maille ris. 373. Maseadh is égin ordughadh daingean guibhernorachta do bheth is na Heaglaisibh? Is firindeach sin: oir nj fédir ar modh ele ambheth modhamhail deaghbhésach, no arna suidhiughadh go laghamhail: & is se so an modh; foirfidh no seanora do togha, do bheradh breatheamhnas ar deaghbhésaibh, & ar mjbhésaibh, & do dhenadh coimhed, & gnáth fhaire fa scandailibh do sheachna, & an lion is aithnidh doibh gan a mbeth aibel jomchubhaidh do ghabhail an tsuiper ar módh ar bioth; & nach mo fèdir a ngabhail chnice muna salchar an Tsacrament, jad sin do thelgean amach on gcomaoineochadh, fínit. Don rígh shuthain, nemhthruailligheach, neamhfhaicsinach, do DHIA ghlic amhain, onoir, agas gloir go saoghal na saoghal, biodh amhlaid. 1. TIM. 1. 17. [TD 108] VRRNAIDHTHE. ROIMH TSEARMOIN. A DHE bhiothbhuain & a Athair is mó trôcaire, atamaoid aga admhail, & ga thuigsin and so abfiadhnuise do chumhachtadh diadhasa, go bfuil maoid vilé, & gach aon dînd leath ar leath inar peacthachaibh truagha anbfanda arar ngeineamhain, & ar ar mbreith, & arar noileamhain, & ar ar naltrum apeacadh, & anainméin, & anurchoid, & anaingidheacht, & anolc imharcach. Oír atá anfheoil, & na cuirp, & toil na gcorp ré cheilé ag troid & ag teand chathughadh anadhaidh ar nanmand, & ar Spiorad do ghnath, & tig da bhridh sin duínd, bheith ag briseadh, & ag buan rébadh haitheantadh naomhtha neamh fhallfasa, & do thoile diadha in gach vair, & ingach aimsir da dtig dhúind, & da reir sin ag tuilleadh bháis, & dhamnaidh dhúind do reir do cheirt bhreitheamhnuisse damadh ceirt bhreitheamhnus bhudhail leat do dhenamh oraind. Gidheadh a Athair neamhtha an mhéid, & go bfuilmaoid diumbach dhind fein anois ar son na peacadh do rindeamar go ro vathmhur anadhaidh do thoilese. Atamaoid ag denamh aithreachais, & aithridhe neimh chealgaidhe jondta sin anois do rér do thoilese Athighearna, & a atamaoid go lánumhal agad ghuidhese anainm, & anonoir do Mhic inmhuin Iosa Criosd do thrócaire & do thromghrása do dheonachadh dhuind. Agas do [TD 109] Spiorad naomhtha do neartughadh, & do mhedughadh indaind, & ar nuile pheacadh do mhaitheamh dhuind. Iondas ar dtuigsin duind ar locht, & ar lán vrchoide, & ar ndroch ghniomhartha ó iochtar, & ó inmheadhon ar gcroidheadh go bfedmaoid ó so suás ar dtoile pheacthacha do mharbhadh, & do mhór mhuchadh, & ni he sin amhain acht deagh oibrighthe do dhenamh jna naít, & ina nionadh go himchubhaidh, mar is fearr tig red thoil mhoir bheandaidhese, & ni har son mhairheas ar noibrightheagh fein sin an la bhudh fhearr iád, acht ar son thuillteanais, & thróm vmhla, & páise, & peandaide do Mhic mhorchumhachtaidhse Iosa Criosd ar naon slanuightheoir, neoch tugabhairse mar ofrael, & mar iodhbairt ar sgath peacaidh na ndaoine: & atá adheirbhfhois againd nach diultand tú dhuind fa en ní da niarrmuid ort anainm, & anonoir an Mhic sin, & atâ do Spiorad naomhtha aga dhe arbhadh dhuind inar gcoinsiansuibh gurab tú ar Nathair trén trocuireach, & go bfnil an mhéidsin do ghradh agad oraind do chland ar son Iosa Criosd nach eidir lé hénni do ghrása naomthasa, & do chaibhneas aithreamhail do tharraing vaind. Duitsé vimé sin a Athair neamhdha neart chumhachtaidh maille ris an Mac mormiorbhuileach, & ris an Spiorad neimh meirbh naomh biodh gach vile onoir, & ard ghloir anois, & tré bioth fior. BIODH AMHLAIDH. [TD 110] ORRTHA DHIADHA INRADHA GACH vair dá dtoigeora tú aradha. ONoir & adhmoladh, glóir, & gnathbhuidheachas duitse a Thighearna, & a Dhé na nuile chumhacht, & a Athair neamhdha, neamhmeasarrdha, ar son thuile throcaire, & do chaibhneas charrthanáigh, do nochtas, & do shoillsidhis oraind, mar do dheonaidh do mhaitheas grásamhail, led thoil throcairigh fein, sinde do thogha do chum ar slánuighe, roimh thosach an tsaoghail, & aleithed oile sin do bhuidheachas duit, ar son ar gcruthaidhe, do reir cosmhulachta fhioghrach fein, & ar son ar saortha lé fuil fhiornaomhtha do Mhic mhorghrádhaidh fein, sa nám arabhamur damanta go huilidhe, & ar son gur bheandaidh thú sind, led Spiorad naomhtha, abfoillsiughadh, & a dtuigsin do bhriathar mbithbhuansa, & ar son cuidighe, & chumhanta lind, nar nuile fheidhm, & riachtanasaleas, & ar son ar bfuasglaidh ó gach vile chuntabhairt chuirp & anma, & ar son ar gcomhfhurtachta go cairdeamhail, nar nuile amhgharaibh, & ar son ar bfulaing abfad daimsir gan dioghaltus ar peacadh do dhenamh oraind, Acht ag tabhairt aimsire fada rè haithrighe dhuínn. Agas mar thuigmaod a Athair is mó trócaire, na tioghluicese adubhramar, dfaghail duínn od mhaitheassa amháin, mar an gcedna atámaoid gudghuidhe anainm do Mhic inmhuin Iosa Criosd, do Spiorad naomhtha fein do dheonachadh dhúin, as go madh edir lind do ghnáth, bheith ag tabhairt bhuidheachais [TD 111] duitse, ag sior leanmhuin na firinde, & ag faghail comhfhurtachta vaitse, nar nuile dhoghruindibh, & dhocamhlaibh, a Thighearna daingnidh ar gcreideamh, & fadoidh e nisa mó, adteas, & angrádh mar dhlighmaoid duitse, & dar gcomharsandaibh, na fuluing duínn a Athair ghrádhaidh, do bhriathra do dhul ní asiá dhuínn indi omhaoines. Acht deonaidh dhuínn do ghnáth, comhfhurtacht do ghrás, & do Spiorad naomhtha. Iondas go bfedmaoid adhragh dod hainm naomhthasa, ler gcroidheadhaibh, & ler mbria bith, & ler ngiòmharthaibh. Médaidh fein a Thighearna, & cuir aleithe do Ríghacht, & do chumhachta jondas go bfédaimne bheith làn no diolta dod dheagh thoilse, gidhbé ar bith ní do dheonuidhis dhuinn, a Athair ghrádhaidh na lég oraind uireasbhuidh na neitheand, nach bfédmaoid theacht na bfégmhuis, do dhénamh do tseirbhise. Acht beandaidhfe sind, & oibridhe ar lámh ré chéile, iondasgo mbiadh ar riachtanas aleas againd, gan ar néire do bheith ar chách, acht go madh mó bhiam in chuidighe léo, déna trócraire oraind a Thighearna, & ar ar nuile lochtaibh. Agas ar bfaicsin gurab mór na fiocha, do mhaith thusa dhuínn ar son Iosa Criosd, tabhair oraind an mhéidsin do bharr gráidh do thabhairt duitse, & dar gcomharsandaibh, bí fein againd ad tathair, & ad cheand feadhna & ad tfear dídin, congaibh agad sind ad láimh throcairidh, anám ar nuile bhuaidhearrtha, dar saoradh óna huile vrchoidibh & do chrichnudhadh ar mbeathadh, a numhlu, & a- [TD 112] nonorudh hanma naomhthasa, tríd Iosa Criosd ar Dtighearna & ar naon slanuighthoir. Amen. A Thigerna go madh gnáth dhidean duínn, do lámh chumdhachtachsa; & do sgiáth dhióna ar ar sgáth, agas gomadh slanughadh duínn do thrócaire, agas do chaibhneas an Iosa Chriosd, do Mhac carrthanach, & gomadh lán teagasg dhúinn do bhriathra naomthasa, agas go madh comhtsólas & comfhurtacht dúinn, do ghrásasa, & do Sbioradnaomhtha, go deireadh & andeireadh ar mbeathadh go himlán, &c. A Dhe na nuile chumhacht atamaoid go tedargh uidhe, go ma toil leat foirfidheacht, & buaine, & daingne do thabhairt dúinn ad chreideamh bheodha, aga mhedughadh jondaind gach hénla, no go bfasam go lántomhas ar nuile cheart, & fhoirfidheachta an Iosa Chriost re ndenam ar bfaisidigh ag radha na mbriatharsa. Creidim, &c. DIA an Thighearna dar mbeandachiabh, & dar gcoimhed: Diá an Tighearna dfoillseachadh, & do thaisbenadh tsoillse agnuise féin duind & do dhenamh trocaire oraind, Día an tighearna diompodh a ghnuise gradhaighe chugaind, do dheonachadh atsiothchuinhe fein dúind. GRadh DE Athar vile chumhachtaigh, & grasa, & trocaire ar Dtighearna Iosa Criosd, comaoineachadh, & comhfhurtacht an Sbioradh naomh, do bheith do gnáth maille rind go hìmlan. BIODH AMHLUIDH. FINID.