‘Fáilte is fiche chuig Seanchas: The Global Gaelic Jukebox!’ leis an Dr Barbara Hillers (COBÁC)

Grianghraf ag https://www.igsta.com/media/1030237389997105265_196591687
Grianghraf ag https://www.igsta.com/media/1030237389997105265_196591687

Tá sé mar aidhm ag an bhlag seo eolas a scaipeadh faoi thaifeadtaí eitneagrafaíocha fuaime na Gaeilge (Gàidhlig na hAlban, Gaeilg Mhanann is Gaeilge na hÉireann). Tá roinnt mhaith de bhailiúcháin fuaime ann ar fud an domhain, cuid acu i gcartlanna móra cailiúla, cuid eile in áiteanna éagsúla nach bhfuil an oiread sin clú orthu, agus ba bhreá le Seanchas solas a chaitheamh orthu.

Más eolas faoin tionscadal atá uait, cuir ríomphphost chugainn. Má tá scéala nó sonraí agat, go háirithe iad siúd a bhaineann le bailiúcháin fuaime nach bhfuil eolas forleathan orthu, b’fhéidir go scríobhfeá blúire bheag sa bhlag seo?

Deir mo chomrádaí Sìm gur “obair latha tòiseachadh agus obair beatha crìochnachadh”, ach deirim féin, “tús maith, leath na hoibre”!

Is léachtóir le Béaloideas Éireann  í an Dr Barbara Hillers i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.